English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 16 Deireadh Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 20 Deireadh Fómhair 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil triúr le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,841 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.

Amhail meán oíche Déardaoin an 15 Deireadh Fómhair, cuireadh 1,000 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 47,427* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 478 / is mná iad 520 díobh
  • tá 71% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 31 aois airmheánach na ndaoine
  • 254 i mBaile Átha Cliath, 102 sa Mhí, 88 i gCorcaigh, 81 sa Chabhán, 75 i nGaillimh agus tá an 400 cás eile scaipthe ar fud 20 contae

Amhail 2pm inniu tá 246 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 30 acu sin in ICU. Cuireadh 13 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Tá líon na gcásanna ag méadú i gcónaí. Faoi láthair, ní mór do gach duine a gcuid teagmhálacha sóisialta a laghdú chomh híseal agus is féidir. Gach uair a bhíonn tú ag idirghníomhú go fisiciúil le duine eile, tá tú ag tabhairt deis don víreas scaipeadh."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 47,427 cás deimhnithe é seo.