English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 17 Iúil 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 17 Iúil 2020
  • An t-eolas is déanaí: 4 Lúnasa 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil triúr le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,752 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Déardaoin an 16 Iúil, cuireadh 34 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,730 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte:

"Tá COVID-19 thar a bheith tógálach. Tá sé ag iarraidh scaipeadh, ach caithfidh daoine a theacht i dteagmháil lena chéile chun é sin a dhéanamh.

"Tá na bearta go léir a bhfuilimid ag caint fúthu le míonna fada anois an-tábhachtach; scaradh fisiceach, sláinteachas lámh agus béasaíocht riospráide, clúdach aghaidhe a chaitheamh nuair is cuí, sluaite móra a sheachaint - is gníomhartha iad seo is féidir le gach duine againn a dhéanamh chun slabhraí an tarchuir a ghearradh agus an víreas seo a stopadh.

"Braitheann sé anois ar na gníomhartha a dhéanann gach aon duine againn, i dtaobh cibé an bhfaigheann an víreas seo deis scaipeadh tríd ár bpobail. Lean ort ag leanúint na comhairle sláinte poiblí, bíodh na rioscaí ar eolas agat, bíodh na siomptóim ar eolas agat agus fan sábháilte."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 25,730 cás deimhnithe é seo.