Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 2 Deireadh Fómhair 2020
- Foilsithe: 2 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,801* san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois. (*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 bhás. Léiríonn an figiúr 1,801 é seo.)
Amhail meán oíche Déardaoin an 1 Deireadh Fómhair, cuireadh an HPSC ar an eolas faoi 470 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 37,063* * cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois. (**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 4 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr 37,063 é seo.)
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 225 / is mná iad 242 díobh
- tá 68% faoi bhun 45 bliana d’aois
- deimhnítear go bhfuil baint ag 40% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
- aithníodh 68 cás mar thras-seoladh pobail
- tá 198 cás i mBaile Átha Cliath, 61 i gCorcaigh, 36 i nDún na nGall, 19 i gCill Dara, 19 i Luimneach, 12 i gCiarraí, 11 i nGaillimh, 11 sa Mhí, 10 i Ros Comáin, 9 sa Chabhán, 9 sa Chlár, 9 i gCill Chainnigh , 9 i Longfort, 9 in Uíbh Fhailí, 9 san Iarmhí, 8 i Lú, 7 i dTiobraid Árann, 7 i Loch Garman, agus na 17 gcás eile i 7 gcontae
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Is ábhar mór imní an cás go náisiúnta agus tá NPHET ag moladh anois nár cheart go mbeadh níos mó ná 2 theaghlach le chéile ag aon am faoi leith. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfeadh gach duine - teaghlaigh, cairde agus comharsana - teorainn leis na deiseanna atá ag an víreas seo bogadh ó dhuine go duine agus stop a chur le scaipeadh an ghalair i measc teaghlach. Iompair tú féin amhlaidh is go bhfuil an víreas agat agus coinnigh tú féin agus na daoine mórthimpeall ort sábháilte - ná glac riosca trí chruinnithe a eagrú le níos mó ná teaghlach amháin eile."
CRÍOCH