Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 23 Deireadh Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 27 Deireadh Fómhair 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 7 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil. Tharla gach ceann de na básanna a tuairiscíodh inniu i mí Dheireadh Fómhair.

Tá 1,878 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.

Amhail meán oíche Déardaoin an 22 Deireadh Fómhair, cuireadh 777 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 55,261* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 434 / is mná iad 340 díobh
  • Tá 66% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 33 aois airmheánach na ndaoine
  • 182 i mBaile Átha Cliath, 81 i nGaillimh, 44 i Loch Garman, 42 sa Mhí, 41 i gCorcaigh agus tá 387 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha go léir atá fágtha.

Amhail 2pm inniu tá 319 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 37 díobh sin san ICU. Cuireadh 24 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Rinneadh 15,000 duine a dhiagnóisiú le COVID-19 le 14 lá anuas. Tá sé ríthábhachtach do gach duine a ndearnadh diagnóis orthu le déanaí iad féin a aonrú ar feadh na 10 lá in iomlán chun na daoine a bhfuil cónaí orthu leo, na daoine a bhfuil grá acu dóibh agus daoine ina bpobail a chosaint ar an ngalar an-tógálach seo. Ciallaíonn féin-aonrú fanacht sa bhaile, fanacht i do sheomra oiread agus is féidir, fanacht amach ó dhaoine eile, lena n-áirítear daoine i do theaghlach.

“Má tá cónaí ort le duine a bhfuil COVID-19 air nó má dúradh leat gur dlúth-theagmháil tú, ní mór duit do ghluaiseachtaí a shrianadh ar feadh 14 lá san iomlán. Fan sa bhaile - ná téigh ag obair, ná téigh ar scoil.

“Iarraim ar gach duine é féin a iompar amhail is gur dlúth-theagmhálaí é. Fan sa bhaile, seachas le haghaidh cúiseanna riachtanacha. Anois an t-am chun dianiarracht a dhéanamh an chomhairle sláinte poiblí a leanúint - coinnigh amach ó dhaoine eile, nigh do lámha agus caith clúdach aghaidhe. Déan do chuid chun na slabhraí tarchuir a bhriseadh ar fud teaghlaigh, comharsana agus an phobail."

Soláthraíonn Deais COVID-19Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 8 gcás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 55,261 cás deimhnithe é seo.

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 22 Deireadh Fómhair 2020) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae
Cásanna an lae inniu (go meán oíche 22 DF 2020)
Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (09 DF 2020 go 22 DF 2020)
Cásanna Nua le 14 lá anuas (09 DF 2020 go 22 DF 2020)
ÉIRE
777
306.1
14,578
An Cabhán
31
1,058.1
806
An Mhí
42
661.9
1,291
An Iarmhí
37
451.7
401
Muineachán
14
408.9
251
Sligeach
27
407.4
267
Gaillimh
81
373.2
963
Corcaigh
41
327.7
1,779
Loch Garman
44
321.9
482
Dún na nGall
20
312.2
497
An Clár
30
311.4
370
Longfort
15
310.7
127
Cill Dara
28
304.7
678
Luimneach
37
302.2
589
<5
283.2
365
Liatroim
8
277.7
89
Ros Comáin
11
269.6
174
Baile Átha Cliath
182
257.7
3,472
Ciarraí
15
255.2
377
Ceatharlach
<5
242.4
138
Maigh Eo
24
242.1
316
Uíbh Fhailí
13
225.8
176
Laois
13
219.6
186
Port Láirge
14
176.5
205
Cill Chainnigh
5
174.3
173
Cill Mhantáin
25
143.2
204
Tiobraid Árann
16
126.6
202

Nóta d'Eagarthóirí:

Bhí an ráta minicíochta náisiúnta 14 lá is ísle an 3 Iúil 2020 nuair a bhí an ráta 2.98 cás in aghaidh gach 100,000 den daonra.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat