English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 3 Iúil 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,740 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Déardaoin an 2 Iúil, cuireadh 11 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,498 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte;

“Tá minicíocht 14 lá COVID-19 níos lú ná 3 chás in aghaidh gach 100,000 anois. Tá sé seo i measc na minicíochtaí is ísle san Eoraip agus léiríonn sé go bhfuil an galar fós faoi chois inár bpobail. Is iad na gnéithe is tábhachtaí chun an stádas seo a chothabháil ná iompraíochtaí freagracha aonair agus réchúis a sheachaint. "

“Léiríonn tuarascáil HIQA ar bhásmhaireacht inniu go bhfuil básanna a bhaineann le COVID-19 in Éirinn taifeadta go cuimsitheach againn trí chur chuige molta WHO a leanúint.

“Rinneamar sonraí a thaifeadadh agus a fhoilsiú go seasta maidir le gach bás sa chás go raibh COVID-19 ar dhuine nó má bhí amhras ann go raibh COVID-19 ar dhuine. Tugann an tuairisciú seo tuiscint láidir dúinn ar thionchar an ghalair in Éirinn agus leanann sé ag cur lenár bhfreagairt. "

CRÍOCH