Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 8 Deireadh Fómhair 2021
- Foilsithe: 8 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh 2,002* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Amhail 8am inniu, tá 354 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 73 acusan san aonad dianchúraim.
1,242 an meán gluaiseachta cúig lá.
Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn:
“Léiríonn líon na gcásanna an lae inniu líon méadaithe tástálacha dearfacha ar shamplaí a bailíodh le trí lá anuas.
"Tá líon iomlán na gcásanna COVID-19 a tuairiscíodh le 7 lá anuas (8845 cás) níos lú ná na 7 lá roimhe sin (9115 cás) áfach, agus an meán gluaiseachta 7 lá gach lá ag 1264 inniu, i gcomparáid le 1302 an tseachtain seo caite.
“Leanfaimid orainn ag déanamh dlúthmhonatóireachta ar an scéal seo le fáil amach an bhfuil an treocht in ionfhabhtuithe nua le cúpla lá anuas ag leanúint ar aghaidh.
“Má tá teocht ard, casacht tirim, nó siomptóim cosúil leis an bhfliú agat, fan sa bhaile - ná téigh ag obair ná ag sóisialú.
"Chun tú féin agus do theaghlach a choinneáil slán, lean ort ag nigh do lámha go rialta, caith masc nuair is cuí, oscail fuinneoga agus ag lig aer isteach i spásanna faoi dhíon, agus fan amuigh faoin aer nuair is féidir chun bualadh le daoine eile."
CRÍOCH
- D'fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú de bharr bailíochtú sonraí sa todhchaí.