English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 9 Deireadh Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 9 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 12 Deireadh Fómhair 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil cúigear le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,821* san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois. (*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 1 bhás. Léiríonn an figiúr de 1,821 bás an méid sin.)

Amhail meán oíche Déardaoin an 8 Deireadh Fómhair, cuireadh 617 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 40,703 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 310 / is mná iad 307 díobh
  • tá 73% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • deimhnítear go bhfuil baint ag 33% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
  • aithníodh 72 cás mar thras-seoladh pobail
  • 123 i mBaile Átha Cliath, 107 i gCorcaigh, 42 sa Mhí, 36 i gCiarraí, 35 i nGaillimh agus tá na 274 cás eile lonnaithe ar fud 21 chontae

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Tá próifíl an ghalair ag dul in olcas i gcónaí. Cuireadh 32 duine breise san ospidéal agus ochtar san ICU le 24 uair an chloig anuas. Táimid fós ag feiceáil líon ard cásanna laethúla.

"Tá sé thar a bheith tábhachtach go stopfaimid scaipeadh an víris anois.

"Leanann NPHET ag déanamh monatóireachta ar an scéal ach tá gá le gníomh luath aonair chun stop a chur leis an víreas. Lean comhairle sláinte poiblí le do thoil agus déan do chuid chun tionchar a imirt ar an ngalar."

CRÍOCH