Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain 23 Lúnasa 2021
- Foilsithe: 23 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu faoi 1592 * cás dearbhaithe de COVID-19.
Amhail 8am inniu, tá 318 othar COVID-19 san ospidéal, a bhfuil 60 acu san aonad dianchúraim.ag fail cúraim chriticiúil.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Le seacht lá anuas, tógadh 32 duine le COVID-19 chuig saoráidí dianchúraim agus inniu tá 60 duine san iomlán le COVID-19 ag fáil cúraim chriticiúil. Is é 55 meánaois na ndaoine san aonad dianchúram – ciallaíonn sé seo go bhfuil 50% de na hothair atá san aonad dianchúram níos óige ná 55 bliain d’aois faoi láthair
“Thar an deireadh seachtaine, tuairiscíodh go raibh líon na gcásanna COVID-19 nua-dheimnithe san ospidéal in aon lá amáin tar éis leibhéal nach bhfacthas ó lár mhí Feabhra 2021 a bhaint amach.
“Ar an drochuair, tugann sé seo go léir le fios nach bhfuil muid fós ag buaic an rabharta COVID-19 agus ta go leor daoine le breothoireacht throm fós mar gheall ar COVID-19. Cé go gcuireann an clár vacsaínithe dóchas i ndán, níl ach 53% de dhaoine idir 16 agus 29 mbliana d’aois vacsaínithe go hiomlán. Leanann an aoisghrúpa seo de bheith an grúpa ar mhinicíocht is airde le COVID-19 inár ndaonra.
"Aon duine in ann vacsaín a fháil, ba cheart dó/di é sin a dhéanamh a luaithe agus is féidir. Tá sé ríbhábhachtach go comhlíonfaidh gach duine ár sceideal vacsaínithe – beidh tú cosanta go hiomlán idir 7 agus 14 lá tar éis do dhara dáileog.
"Smaoinigh ar gach gníomhaíocht a nglacann tú páirt ann maidir lena leibhéal riosca. Lean ort ag níochán do lámha go rialta, ag caitheamh masc nuair is cuí, coinnigh d’achar agus seachain sluaite. Bainistigh do theagmhálacha sóisialta agus roghnaigh lasmuigh nuair is féidir chun bualadh le daoine eile. Má tá siompóm COVID-19 agat, dá éadrom iad ort, féinlisigh láithreach agus socraigh tástáil tríd an FSS nó do dhoctúir ginearálta.
CRÍOCH
- D'fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú de bharr bailíochtú sonraí sa todhchaí