English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain 25 Lúnasa

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 24 Lúnasa 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Tá 1,777 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 23 Lúnasa, cuireadh 147 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 28,116 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 80 / is mná iad 67 díobh
  • Tá 71% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • Deimhnítear go bhfuil baint ag 60 le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
  • Aithníodh 14 cás mar thras-seoladh pobail
  • 73 i mBaile Átha Cliath, 17 i gCill Dara, 12 in Uíbh Fhailí, 11 i gCill Mhantáin, 9 i Luimneach agus tá na 25 cás eile i gCeatharlach, An Clár, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Laois, Lú, an Mhí, Muineachán, Tiobraid Árann agus Loch Garman.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Tugann fianaise ón ECDC agus taithí idirnáisiúnta go dtí seo le tuiscint nach scaipeann leanaí chuig leanaí COVID-19 nó daoine fásta eile i suíomhanna scoile.

“Go hidirnáisiúnta, i gcás inar athosclaíodh scoileanna, níor chuireann scoileanna go mór le tarchur pobail.

“Tá ról le himirt againn go léir maidir leis an víreas seo a choinneáil ag leibhéil ísle - tá sé seo ríthábhachtach chun ár gcóras oideachais a chosaint sna seachtainí amach romhainn."

Dúirt an Dr. Cillian DeGascun, Stiúrthóir na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris:

“Tá a fhios againn gur féidir le leanaí ionfhabhtuithe conaire riospráide a fháil go minic i rith thréimhse an gheimhridh agus dá bharr sin d’fhéadfadh go mbeadh tástálacha le maipín ag teastáil uathu to rialta. Dá bhrí sin, tá NPHET, FSS agus NVRL ag leanúint ar aghaidh ag measúnú modhanna tástála malartacha do leanaí."

Dúirt an Dr. Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannaire Cúraim Chomhtháite FSS;

“Beidh cásanna i leanaí in aois scoile díreach mar a bhí le linn na paindéime go dtí seo. Nuair a tharlaíonn siad seo, déanfaidh ár bhfoirne sláinte poiblí iarracht tarchur breise a theorannú - mar is amhlaidh an cás i suíomhanna eile le linn na paindéime go dtí seo."

Dúirt an Dr. Mary Favier, Uachtarán Choláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann;

“Ba chóir do thuismitheoirí a bheith ar an airdeall maidir le siomptóim agus a gcuid leanaí a choinneáil sa bhaile má bhíonn fiabhras, casacht, gearranáil nó siomptóim cosúil leis an bhfliú orthu nó má chailleann siad an cumas blas nó boladh a fháil. Ba chóir go mbeadh tuismitheoirí ar an eolas faoi tharchur neamhshiomptómach - cosúil le roinnt daoine fásta, seans nach mbeidh siomptóim ag roinnt leanaí ach d'fhéadfadh an víreas a bheith á iompar acu. Má tá daoine leochaileacha i do líonra teoranta, déan cinnte go gcloítear le scaradh fisiceach agus cinntigh go ndéantar lámha a ní go rialta."

CRÍOCH