English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain 31 Eanáir 2022

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 31 Eanáir 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 3,872* cás de COVID-19 arna ndeimhniú ag PCR.

Ina theannta sin, ar an Domhnach 30 Eanáir, chláraigh 4,759** duine tástáil antaigine dearfach trí thairseach FSS.

Ar an Satharn 29 Eanáir, cuireadh an HPSC ar an eolas faoi 5,091 cás de COVID-19 arna ndeimhniú ag PCR. Chláraigh 4,057 duine tástáil antaigine dearfach trí thairseach FSS an lá roimhe sin.

Ar an Domhnach 30 Eanáir, cuireadh an HPSC ar an eolas faoi 4,400 cás de COVID-19 arna ndeimhniú ag PCR. Chláraigh 3,893 duine tástáil antaigine dearfach trí thairseach FSS an lá roimhe sin.

Amhail 8rn inniu, tá 692 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 75 acusan in Aonad Dianchúraim.


NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:

Tuairsceoidh An Roinn Sláinte líon na gcásanna de COVID-19 ó Luan go hAoine amháin. Cuirfear figiúirí deireadh seachtaine san áireamh agus cásanna á dtuairisciú Dé Luain. Leanfar le faisnéis ospidéil laethúil agus faisnéis aonad dianchúraim a nuashonrú ar an Mol Sonraí COVID-19 mar is gnáth ar an Satharn agus Domhnach.


I bhfianaise na minicíochta ard atá ann faoi láthair, tá líon na gcásanna laethúla bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 a uaslódáladh chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh an HPSC agus comhpháirtithe faireachais ar aghaidh ag tabhairt fógra agus ag próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR le linn na tréimhse seo.

  • Tá na sonraí seo sealadach agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 arna ndeimhniú ag PCR saotharlainne arna gclárú trí mhol sonraí COVID-19 de chuid Rianaire Cúraim Covid FSS.