Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain 5 Iúil 2021
- Foilsithe: 5 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 7 Iúil 2021
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 365* cás deimhnithe de COVID-19 ann.
Ag 8am inniu, tá 51 othar COVID-19 san ospidéal, ina measc 14 san Aonad Dianchúraim.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte:
“Is cásanna den athraitheach Delta iad os cionn 70% de na cásanna go léir anois.
“Cé gur cúis imní i gcónaí é an athraitheach seo, is féidir leo siúd atá vacsaínithe go hiomlán muinín a bheith acu sa vacsaín agus bheith ar a gcompord nuair atá siad i láthair doine eile atá vacsaínithe go hiomlán i ngach timpeallacht..
“Ar an drochuair, is bagairt é an athraitheach Delta i gcónaí dóibh siúd nach bhfuil vacsaín faighte acu nó atá ag feitheamh ar an dara dáileog – ní mór dúinn an chomhairle sláinte poiblí a leanúint, ár dteagmhálacha a bhainistiú, sluaite a sheachaint, aghaidhmhasc a chaitheamh, na lámha a ní, agus go han-tábhachtach, an vacsaín COVID-19 a fháil nuair a tháirgtear duit é.”
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar Clár Eolais COVID-19 maidir le príomhtháscairí COVID-19 i measc an phobail, lena n-áirítear sonraí laethúla ar Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.