Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 04 Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil seisear le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 2,265 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Domhnaigh an 3 Eanáir, cuireadh 6,110 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 107,997 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 2,911 / is mná iad 3,195 díobh
  • Tá 63% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 36 aois airmheánach na ndaoine
  • Tá 3,655 i mBaile Átha Cliath, 323 i gCill Dara, 291 i gCorcaigh, 234 i Luimneach, 137 i Lú agus tá an 1,470 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir.

Amhail 2pm inniu tá 776 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 70 acu sin san aonad dianchúraim. Cuireadh 92 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Caithfidh ceannairí agus eagraíochtaí i bpobail ar fud na tíre tacaíocht a thabhairt dá gcomhghleacaithe, dá gcomharsana, dá dteaghlaigh agus dá gcairde chun spreagadh a thabhairt dá chéile cloí le comhairle sláinte poiblí. Ní mór dúinn ár ngluaiseachtaí a shrianadh, ní mór dúinn na daoine a mbímid ag idirghníomhú leo lasmuigh dár dteaghlaigh a theorannú, má táimid chun an víreas a chur faoi chois agus ár seirbhísí riachtanacha a choinneáil ag imeacht."

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“I measc na ndaoine atá an-leochaileach do COVID-19 tá daoine scothaosta agus daoine a bhfuil riochtaí sláinte acu cheana lena n-áirítear galar cardashoithíoch, murtall, diaibéiteas, galar riospráide ainsealach agus ailse. Tá minicíocht an ghalair sa phobal anois ag leibhéal ina gcaithfidh daoine leochaileacha fanacht sa bhaile mura bhfuil cúis an-riachtanach i gceist."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann:

“Ardaíonn samhlacha cásanna an fhéidearthacht go mbeidh 1,500-2,000 duine san ospidéal, agus 200-400 duine san aonad dianchúraim faoi lár mhí Eanáir, mura ngníomhóimid chun tarchur agus minicíocht a laghdú go radacach. Caithfidh gach duine againn glacadh leis na bearta sláinte poiblí agus fanacht sa bhaile agus teagmhálacha a laghdú chun leibhéil reatha an ghalair a chur faoi chois."

Dúirt an tUasal Liam Woods, Stiúrthóir Náisiúnta FSS, Géaroibríochtaí;

“Táimid ag tabhairt isteach ciorruithe i seirbhísí neamhriachtanacha in ospidéil do dhaoine fásta d’fhonn déileáil le hiontrálacha COVID-19 atá ag méadú. Beidh sé seo faoi réir athbhreithnithe leanúnaigh. I gcás éigeandála téigh chuig an Rannóg Éigeandála mar is gnách agus má bhíonn aon imní ort maidir le do shláinte, cibé an mbaineann sé le COVID nó nach mbaineann, déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh ar dtús."

Dúirt an tOllamh Karina Butler, Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Imdhíonta;

“Tá tús curtha leis an gclár vacsaínithe do na chéad ghrúpaí tosaíochta. Cuireadh dlús leis an rolladh amach an tseachtain seo. De réir mar a leanaimid orainn ag soláthar vacsaíní ar fud an daonra iarraimid ar dhuine ar bith a bhfuil imní orthu nó a bhfuil ceisteanna acu teagmháil a dhéanamh lena ndochtúir teaghlaigh, cógaiseoir nó soláthraí seirbhíse cúram sláinte chun faisnéis chruinn iontaofa a fháil. Soláthraíonn láithreán gréasáin HSE.ie faisnéis iontaofa freisin maidir le héifeachtúlacht agus sábháilteacht vacsaíní."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 03 Eanáir 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae
Cásanna an lae inniu (go meán oíche 03 Ean 2021)
Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 03 Ean 2021)
Cásanna Nua le 14 lá anuas (go 03 Ean 2021)
Éire
6,110
582.8
27,754
Muineachán
51
1,119.1
687
137
1,031.2
1,329
Luimneach
234
979.0
1,908
Dún na nGall
52
832.3
1,325
Baile Átha Cliath
3,655
691.9
9,323
Sligeach
33
671.4
440
An Cabhán
61
669.5
510
Maigh Eo
111
660.5
862
Cill Chainnigh
84
523.0
519
An Mhí
122
523.0
1,020
Ciarraí
129
522.7
772
Loch Garman
76
505.6
757
Laois
80
494.7
419
An Clár
55
488.1
580
Ceatharlach
51
470.7
268
Longfort
30
462.4
189
Uíbh Fhailí
68
456.6
356
Corcaigh
291
453.0
2,459
Gaillimh
116
417.0
1,076
Port Láirge
106
414.9
482
Cill Dara
323
413.5
920
Ros Comáin
24
405.9
262
An Iarmhí
46
366.1
325
Liatroim
12
365.1
117
Tiobraid Árann
44
288.3
460
Cill Mhantáin
119
273.1
389

Nóta don Eagarthóir:

Cuireadh an tábla seo a leanas san áireamh chun tástálacha deimhneacha agus cásanna deimhnithe a thaispeáint sa tréimhse 14 lá is déanaí. De ghnáth, bíonn líon na gcásanna deimhnithe a thuairiscítear ar lá áirithe comhghaolmhar le líon na dtástálacha deimhneacha an lá roimhe sin, rud a fhágann gur féidir dúbailtí a bhailíochtú agus a bhaint.

Nuair a bheidh na moilleanna a tháinig chun cinn le cúpla lá anuas réitithe, ní thabharfaimid tuairisc ar thorthaí na tástála saotharlainne a thuilleadh.

Tuairisciú thar an tréimhse 14 lá is déanaí (21/12/2020-04/01/2021)

Dáta tuairiscithe
Cásanna deimhnithe tuairiscithe
Tástálacha próiseáilte
Tástálacha deimhneacha braite
Ráta dearfachta
21/12/2020
-
13,216
698
5. 3%
22/12/2020
968
20,660
1,077
5. 2%
23/12/2020
939
22,884
1,269
5. 5%
24/12/2020
922
21,416
1,643
7.7%
25/12/2020
1,019
11,999
1,207
10.1%
26/12/2020
1,293
3,536
343
9.7%
27/12/2020
744
9,405
1,178
12.5%
28/12/2020
764
13,805
2,007
14.5%
29/12/2020
1,546
17,484
2,867
16.4%
30/12/2020
1,720
26,312
4,371
16.6%
31/12/2020
1,620
27,389
5,621
20.5%
01/01/2021
1,754
20,846
4,553
21.8%
02/01/2021
3,394
28,545
6,486
22.7%
03/01/2021
4,692
20,571
5,199
25.3%
04/01/2021
6,110
-
-
-

NÓTA:

Minicíocht 7 lá 443.3

Meán gluaiseachta 5 lá 3,568

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat