English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 1 Feabhra 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil deichniúr le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhain na básanna sin go léir le mí Eanáir.

79 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 45-101 an raon aoise.

3,317 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Domhnaigh an 31 Eanáir, cuireadh 1,062 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 197,553* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 57 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 197,553 cás deimhnithe é seo.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 506 agus is mná iad 546 díobh
  • tá 57% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 41 aois airmheánach na ndaoine
  • 335 i mBaile Átha Cliath, 137 i gCorcaigh, 73 i Loch Garman, 58 i nGaillimh, 54 i gCill Dara agus tá an 405 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir

Amhail 2pm inniu, tá 1,436 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, agus tá 207 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 38 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Cé go bhfuil feabhas an-suntasach tagtha ar líon na gcásanna le seachtainí beaga anuas, tá imní orm go bhfuil sé sin ag moilliú ag leibhéal ionfhabhtaithe atá i bhfad ró-ard. Caithfidh daoine a bheith an-chúramach in aon suíomh ina mbíonn siad i dteagmháil le daoine eile.

"Go háirithe, ní mór d’ionaid oibre agus do shuíomhanna miondíola na prótacail atá acu a athbhreithniú agus a chinntiú go gcosnaítear a gcomhaltaí foirne agus a gcustaiméirí a oiread agus is féidir.

"I bhfianaise forleithne an athraithigh B117 agus cé chomh tógálach agus atá sé, tá sé thar a bheith tábhachtach go nglacfadh daoine gach beart coisctheach is féidir, lena n-áirítear fanacht sa bhaile."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

Tá tromlach an daonra ag comhlíonadh comhairle sláinte poiblí agus ag fanacht sa bhaile de réir an tsampla ionadaíoch náisiúnta de 1,900 duine a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte Dé Luain an 1 Feabhra, atá ar fáil anseo. Léirítear ann:

  • tá leibhéal an imní tar éis titim beagán go 6.6/10, de réir mar a thagann laghdú ar imní an phobail faoi ró-ualach an chórais sláinte. Tá imní faoi shláinte an teaghlaigh agus cairde (3.8/5.0) agus faoin ngeilleagair (3.5/5.0) fós ard áfach
  • tuairiscítear go bhfuil leibhéil arda comhlíontachta leis an gcomhairle sláinte poiblí agus deir 89% den daonra go bhfuil siad ag fanacht sa bhaile seachas ag dul amach
  • creideann 62% de dhaoine go bhfuil an chuid is measa den phaindéim ag tarlú anois, creideann 15% go bhfuil sé fós le teacht, agus creideann 15% go bhfuil sé taobh thiar dínn
  • minicíocht 7 lá 182.6
  • meán gluaisteacha 5 lá 1,288