Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 11 Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil ochtar le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 2,352 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Domhnaigh an 10 Eanáir, cuireadh 4,929 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 152,539* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 2,250 / is mná iad 2,641 díobh
  • Tá 59% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 39 aois airmheánach na ndaoine
  • Tá 1,513 i mBaile Átha Cliath, 695 i gCorcaigh, 320 i Luimneach, 305 i Loch Garman, 225 i nGaillimh agus tá an 1,871 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir.

Amhail 2pm inniu tá 1,582 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 146 acu sin san aonad dianchúraim. Cuireadh 156 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Cé go bhfuil an chéad léas dóchais á fheiceáil againn maidir lenár bhfigiúirí cásanna laethúla agus rátaí deimhneachta, tá an staid in ospidéil agus sna haonaid dianchúraim timpeall na tíre ag dul in olcas ó lá go lá. Feicimid cásanna deimhnithe agus roinnt seachtainí ina dhiaidh sin bíonn orthu dul chuig ospidéil agus tagann básmhaireacht ina dhiaidh sin arís. Ciallaíonn sé sin ar an drochuair go n-éireoidh cúrsaí inár n-ospidéil níos measa sula bhfeabhsóidh siad."

“Is é an bealach is fearr chun cinn anois ná go bhfanfaidh gach duine againn sa bhaile. Caithfimid fanacht sa bhaile agus teagmhálacha a ghearradh síos go dtí na daoine inár dteaghlach agus is é sin an t-aon bhealach a chosnóimid ár gcóras cúram sláinte agus é ag streachailt leis na hualaí a chruthaíonn an borradh seo in ionfhabhtuithe COVID-19."

Dúirt an Dr Michael Power, Ceannaire Cliniciúil do Dhianchúram FSS:

“Le seachtainí anuas, chonaiceamar méadú tapa agus tobann in iontrálacha chuig aonaid chúraim chriticiúil ar fud na tíre. Maidin inniu tá 146 duine san aonad dianchúraim. Tá sé seo ag druidim le buaicphointe an earraigh de 155 duine i gcúram criticiúil. Tá na tionchair fhadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte na n-othar seo lom agus suntasach. Nílimid ag iarraidh go mbeadh aon duine sna haonaid dianchúraim. Is iad sin ár mbeart cosanta deireanach i gcoinne COVID-19. Is é an bealach is fearr is féidir linn cumas ár n-aonad dianchúraim agus iad siúd a oibríonn iontu a chosaint ná fanacht sa bhaile."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann NPHET:

“Tá leibhéal scanrúil an ghalair gan fasach i dtéarmaí ár dtaithí ar leibhéil COVID-19 sa phobal. Táimid ag feiceáil líon cásanna in aghaidh an lae, agus líon daoine in ospidéal, nach bhféadfaimis a shamhlú roimh an Nollaig. Is fúinn féin atá sé dul i ngleic leis an ráta fáis luathaithe seo agus tá a fhios againn ó thaithí conas is féidir linn tarchur an víris a chur faoi chois go suntasach.

“Tá na chéad chomharthaí de thionchar na mbeart sláinte poiblí is déanaí le feiceáil anois, le deimhneacht na dtástálacha ag titim agus líon na gcásanna ag cobhsú, ach ní leanfaidh sé seo ar aghaidh mura mbeidh gach duine againn tiomanta an chomhairle sláinte poiblí a leanúint; fanacht sa bhaile agus oibriú ón mbaile a oiread agus is féidir. Tá sé seo ríthábhachtach chun dul chun cinn suntasach a dhéanamh sna 7 lá amach romhainn agus chun an brú ar ár gcomhghleacaithe sna seirbhísí sláinte agus cúram sláinte a laghdú”.

Dúirt an Dr Cillian De Gascun, Víreolaí Leighis agus Stiúrthóir na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris:

“Léiríonn tástáil bhreise ar shamplaí COVID-19 go bhfuil líon cásanna le hathraitheach na RA ag méadú - is féidir níos mó ná 40% de na cásanna deimhneacha a ndearnadh tástáil orthu le 7 lá anuas a rianú siar go dtí an leagan seo. Méadaíonn an baol níos mó ionfhabhtaithe leis an leagan nua seo baol tharchur an ghalair sa phobal. Anois, níos mó ná riamh, tá géarghá le hairdeall inár bhfreagairt aonair ar an ngalar, a scaiptear trí dhlúthchóngaracht do dhaoine eile. Ní féidir an víreas seo a scaipeadh nuair nach mbíonn teaghlaigh ag meascadh le chéile, nuair nach dtarlaíonn cruinnithe sóisialta agus nuair a fhanann daoine sa bhaile seachas le haghaidh cúiseanna riachtanacha."

Dúirt an tOllamh Karina Butler, Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Imdhíonta:

“Tá rolladh amach an chláir vacsaín COVID-19 ar siúl. Tugann an t-údarú le déanaí den 2ú vacsaín COVID-19 don Eoraip, Moderna, agus an nuacht is déanaí faoi phróiseas ceadaithe Astra Zeneca cúis dóchais dúinn maidir le vacsaíniú tapa pobail i gcoinne COVID-19 sna míonna amach romhainn. Gach uair a nímid ár lámha, a chaithimid clúdach aghaidhe agus a choinnímid achar dhá mhéadar ó dhaoine eile, táimid ag cosaint na ndaoine is leochailí inár sochaí agus ár n-oibrithe cúram sláinte túslíne agus ag tabhairt am breise a bhfuil géarghá leis ionas gur féidir níos mó vacsaíní a thabhairt."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 152,539 cás dearbhaithe é seo.

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 10 Eanáir 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae
Cásanna an lae inniu (go meán oíche 10 Ean 2021)
Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (28 Noll 2020 go 10 Ean 2021)
Cásanna Nua le 14 lá anuas (28 Noll 2020 go 10 Ean 2021)
Éire
4,929
1378.7
65,650
Muineachán
160
2687.9
1,650
205
2319.9
2,990
Luimneach
320
2032.3
3,961
Port Láirge
68
1667.3
1,937
Loch Garman
305
1641.0
2,457
Baile Átha Cliath
1,513
1568.0
21,127
An Cabhán
37
1495.2
1,139
Dún na nGall
157
1493.8
2,378
Ceatharlach
78
1473.7
839
Corcaigh
695
1457.3
7,911
An Clár
114
1427.4
1,696
Maigh Eo
185
1303.4
1,701
Cill Chainnigh
39
1194.2
1,185
An Mhí
124
1179.2
2,300
Sligeach
22
1147.5
752
Ciarraí
66
1095.4
1,618
Cill Dara
154
1029.2
2,290
Uíbh Fhailí
33
933.8
728
Longfort
7
917.5
375
Laois
63
911.5
772
Tiobraid Árann
127
860.5
1,373
Ros Comáin
72
821.1
530
Gaillimh
225
815.7
2,105

NÓTA:

Minicíocht 7 lá 935.6

Meán gluaiseachta 5 lá 6,283

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat