Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 13 Aibreán

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 13 Aibreán 2020

Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 31 othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil:

  • tá 26 básaithe san oirthear, 3 san iarthuaisceart, 1 sa deisceart agus 1 in iarthar na tíre
  • bhí 18 bean agus 13 fear san áireamh sna hothair
  • 82 aois airmheánach na mbásanna a tuairiscíodh inniu
  • tuairiscíodh go raibh fadhbanna eile sláinte ag 25 duine

Tá 365 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Léiríonn achoimre ar na 365 bás go léir a chuir an HPSC ar fáil an méid seo a leanas:

  • fir ab ea 215 (59%) díobh siúd a fuair bás, mná ab ea 150 (41%)
  • 82 aois airmheánach na mbásanna
  • tógadh 247 de na cásanna seo isteach san ospidéal agus 37 isteach san ICU

Amhail 11.15am Dé Luain an 13 Aibreán, cuireadh na cásanna seo a leanas in iúl don HPSC:

  • 527 cás deimhnithe breise de COVID-19 a thuairiscigh saotharlanna in Éirinn
  • 465 cás deimhnithe breise de COVID-19 a thuairiscigh saotharlann sa Ghearmáin

Agus na figiúirí is déanaí ón nGearmáin san áireamh, tá 10,647 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Taighde roinne

Taispeánann taighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte go bhfuil an céatadán den daonra a bhraitheann go bhfuil an chuid is measa den phaindéim againn anois tar éis ardú go suntasach ó 11% an 16 Márta go 37% inniu, cé go mbraitheann 55% go bhfuil an chuid is measa fós romhainn.

Léiríonn an suirbhé ar líne ionadaíoch náisiúnta ar 1,270 duine fásta a rinneadh inniu, a dhéantar dhá uair sa tseachtain, an méid seo a leanas:

  • leanann céatadán na ndaoine atá á n-iompar féin go sábháilte de bheith ag ardú maidir le hiompraíochtaí cosúil le lámha a ní (94%) díghalrán a úsáid (81%), ach tá sé tite maidir le suí scartha ó dhaoine eile (59%) rud a léiríonn níos mó ama á chaitheamh sa bhaile seans
  • tá an formhór ag fanacht sa bhaile seachas dul amach: suas ó 78% an 16 Márta go 90% faoi láthair
  • cé gur thuairiscigh cion suntasach den daonra mothúcháin mar imní (43%) agus buairt (38%), thuairiscigh cion comhchosúil mothúcháin mar aoibhneas (46%) agus sonas (36%) i suirbhé an lae inniu

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Tá an lá inniu suntasach ó thaobh thaithí na hÉireann ar COVID-19 mar a fheicimid go sáraíonn líon na gcásanna deimhnithe 10,000.

“Léiríonn líon na gcásanna pobail de COVID-19 an fáth go bhfuil gá leis na bearta sláinte poiblí atá i bhfeidhm againn faoi láthair. Tuigim go bhfuil na srianta reatha dian, go háirithe le linn deireadh seachtaine saoire bainc nuair a bhuaileann an chuid is mó dínn le teaghlaigh agus le cairde go hiondúil ach iarraim ar an bpobal leanúint ag obair linn agus na treoirlínte atá i bhfeidhm a leanúint.

“Beidh na trí seachtaine amach romhainn ríthábhachtach do scéal COVID-19 na hÉireann agus trí oibriú le chéile tugaimid an deis is fearr dúinn féin an scaipeadh a mhoilliú agus saol daoine a shábháil."

Cásanna amhail Dé Sathairn an 11 Aibreán 2020

Léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Sathairn an 11 Aibreán (9,484 cás) – agus torthaí na Gearmáine a fuarthas go dtí sin san áireamh:

  • is fir iad 45% agus is mná iad 54% díobh, agus baineann 1,795 cás le 401 cnuasach
  • 48 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
  • cuireadh 1,849 cás (20%) san ospidéal
  • díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 268 cás isteach san ICU
  • bhain 2,489 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an líon is mó cásanna i mBaile Átha Cliath le 5,006 cás (53% de na cásanna go léir) agus Corcaigh ina dhiaidh sin le 730 cás (8%)
  • díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 66%, is ionann dlúth-theagmháil agus 27%, is ionann taisteal thar lear agus 7%

CRÍOCH

Staitisticí ospidéil

Líon iomlán na gcásanna
9484
Líon iomlán san ospidéal
1849
Líon iomlán a tugadh isteach san ICU
268
Líon iomlán na mbásanna
362
Líon iomlán na n-oibrithe cúram sláinte
2489
Líon na gcnuasach curtha in iúl
401
Aois airmheánach
48
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 11 Aibreán.

Inscne na n-othar

Inscne
Líon
mar % den Iomlán
Baineann
5115
53.9
Fireann
4225
44.5
Anaithnid
144
1.1
Iomlán
9484
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 11 Aibreán.

Raon aoise lena mbaineann

Aoisghrúpa
Líon
mar % den Iomlán
<1
19
0.2
1 - 4
29
0.3
5 - 14
67
0.7
15 - 24
598
6.3
25 - 34
1647
17.4
35 - 44
1757
18.5
45 - 54
1812
19.1
55 - 64
1411
14.9
65+
2123
22.4
Anaithnid
21
0.2
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 11 Aibreán.

An chaoi a bhfuil COVID-19 ag scaipeadh

Tarchur pobail
66%
Dlúth-theagmháil le cás deimhnithe
27%
Taisteal Thar Lear
7%
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 11 Aibreán.

Tabhair ar aird:

Sa chás go bhfaigheann duine toradh deimhneach ar a dtástáil le haghaidh COVID-19 agus nach raibh sé/sí thar lear nó nach raibh teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur pobail air sin.

Sa chás gur féidir duine toradh deimhneach do COVID-19 a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur logánta air sin.

Cásanna san ospidéal de réir aoisghrúpa

Aoisghrúpa
Líon na gcásanna
Céatadán den iomlán
<5
11
0.6
5 - 14
5
0.3
15 - 24
44
2.4
25 - 34
125
6.8
35 - 44
150
8.1
45 - 54
272
14.7
55 - 64
287
15.5
65+
953
51.5
Anaithnid
2
0.1
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 11 Aibreán.

Cásanna de réir contae

Ceatharlach
38
0.4%
An Cabhán
222.
2.3%
An Clár
98
1%
Corcaigh
730
7.7%
Dún na nGall
225
2.4%
Baile Átha Cliath
5006
52.8%
Gaillimh
197
2.1%
Ciarraí
200
2.1%
Cill Dara
404
4.3%
Cill Chainnigh
136
1.4%
Laois
88
0.9%
Liatroim
32
0.3%
Luimneach
252
2.7%
Longfort
56
0.6%
195
2.1%
Maigh Eo
194
2%
An Mhí
289
3%
Muineachán
95
1%
Uíbh Fhailí
133
1.4%
Ros Comáin
39
0.4%
Sligeach
45
0.5%
Tiobraid Árann
200
2.1%
Port Láirge
73
0.8%
An Iarmhí
213
2. 2%
Loch Garman
52
0.5%
Cill Mhantáin
272
2.9%
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 11 Aibreán.

Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat