Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 13 Nollaig 2021
- Foilsithe: 13 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 15 Nollaig 2021
Cuireadh 4,688* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Is féidir leis an Roinn Sláinte a dhearbhú gur aimsíodh 8 gcás breise den athraitheach Omicron, rud a fhágann go bhfuil 18 cás san iomlán aitheanta tar éis seicheamhú géanóm iomlán.
Amhail 8am inniu, tá 518 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 108 acusan san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Inniu táimid ag tuairisciú 8 gcás eile d'athraitheach Omicron, arna dhearbhú tar éis seicheamhú géanóm iomlán, rud a fhágann gur ionann an t-iomlán deimhnithe in Éirinn agus 18.
"Is féidir cásanna féideartha Omicron a shainaithint de réir líon na dtorthaí PCR le 'teip sprioc géine S' - díreach mar a rinneamar nuair a tháinig an t-athraitheach alpha chun cinn bliain ó shin. Agus an mhodheolaíocht seo á úsáid againn, measaimid go bhfuil 11% de na cásanna anois mar gheall ar an athraitheach Omicron, méadú ó níos lú ná 1% seachtain amháin ó shin.
“Cé go bhfuil fianaise maidir le déine galair agus éalú imdhíonachta fós ag teacht chun cinn, is léir go bhfuil an t-athraitheach seo níos in-tarchurtha. Caithfimid a bheith cúramach ach a bheith ullamh chomh maith.
“Sna laethanta agus seachtainí amach romhainn foghlaimeoidh údaráis sláinte domhanda níos mó faoin athraitheach seo agus na rioscaí a bhaineann leis. Idir an dá linn, tá muinín againn i gcónaí sna bearta bunúsacha chun tarchur a laghdú."
Lean na bunbhearta chun tú féin agus do ghaolta a chosaint ar ionfhabhtú;
- Scaradh sóisialta a chleachtadh
- Oibriú ón mbaile, nuair is féidir
- Seachain sluaite
- A chinntiú go ndéantar spásanna faoi dhíon agus iompar poiblí a aeráil (fuinneoga oscailte)
- Sláinteachas láimhe agus riospráide
- Úsáid aghaidhmhaisc
- Fan sa bhaile agus aonraigh má bhíonn siomptóim agat
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Go dtí seo, deimhníodh 18 gcás den athróg Omicron trí sheicheamhú géanóm iomlán.
Is féidir le tástálacha PCR an víreas SARS-COV-2 a bhrath go cruinn, an t-athraitheach Omicron san áireamh. Tá sóchán ag Omicron a mbíonn torthaí PCR mar thoradh air a thaispeánann ‘teip sprioc géine S’ (SGTF). Is féidir cásanna féideartha a dhearbhú trí sheicheamhú géanóm. Toisc go bhfuil tástáil PCR níos gasta ná seicheamhú géanóm, is ionadaí maith é an cion de líon cásanna SGTF a rianú maidir le leathadh dóchúil Omicron in Éirinn. In Éirinn, dheimhníomar 18 gcás go dtí seo trí sheicheamhú géanóm. Mar sin féin,
- tá an cion dár gcásanna atá SGTF (agus gur dóigh gur Omicron iad mar sin) tar éis ardú ó <1% go 11% taobh istigh de sheachtain (maidir le samplaí a tógadh an 11 Nollaig). Ciallaíonn sé sin gur dócha go bhfuil thart ar 11% de na cásanna a tuairiscíodh in Éirinn anois bainteach leis an athraitheach Omicron.
- Tá céatadán na gcásanna ar cásanna Omicron iad ag ardú go han-tapa anois agus is dóigh go bhfuil an t-athraitheach seo á tharchur go forleathan ag an bpobal anois.
- Is dóigh go dtiocfaidh méadú an-tapa ar líon na gcásanna mar gheall ar an athraitheach Omicron sna laethanta amach romhainn.