English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 14 Nollaig 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 2,126 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 13 Nollaig, cuireadh 264 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 76,449 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 128 / is mná iad 134 díobh
  • Tá 65% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 36 aois airmheánach na ndaoine
  • 79 i mBaile Átha Cliath, 24 i nDún na nGall, 19 i gCiarraí, 18 i Luimneach, 14 i gCill Dara, 14 i Loch Garman agus tá na 96 cás eile scaipthe ar fud 16 chontae eile.

Amhail 2pm inniu tá 215 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 33 díobh sin san aonad dianchúraim. Cuireadh 17 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 13 Nollaig 2020) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 13 Noll 2020) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 13 Noll 2020) Cásanna Nua le 14 lá anuas (go 13 Noll 2020)
Éire 264 83.4 3,973
Dún na nGall 24 225.5 359
Cill Chainnigh 10 199.5 198
9 175.4 226
Ceatharlach 9 166.9 95
Longfort <5 134.6 55
Luimneach 18 126.2 246
Muineachán 0 117.3 72
An Cabhán <5 111.6 85
Maigh Eo 9 106.5 139
Laois 8 99.2 84
Cill Mhantáin 7 99 141
Baile Átha Cliath 79 91.9 1,238
Tiobraid Árann 5 80.9 129
Port Láirge 8 77.5 90
Uíbh Fhailí <5 64.1 50
An Mhí 7 61.0 119
Cill Dara 14 58.9 131
Gaillimh 5 53.5 138
Sligeach <5 47.3 31
Loch Garman 14 45.4 68
Ros Comáin 0 44.9 29
Ciarraí 19 30.5 45
An Iarmhí <5 29.3 26
An Clár 0 27.8 33
Corcaigh 10 25.4 138
Liatroim 0 25 8