English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 17 Eanáir 2022

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 17 Eanáir 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh 6,329* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Ina theannta sin, Dé Domhnaigh an 16 Eanáir, chláraigh 4,810 duine tástáil dhearfach antaiginí trí thairseach FSS.

Amhail 8am inniu tá 1,006 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 97 acusan san aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte: “Agus muid ag leanúint ar aghaidh ag dul i dtaithí ar na hathruithe is déanaí ar an gcomhairle sláinte poiblí a bhaineann le haonrú agus srianadh gluaiseachtaí le haghaidh cásanna agus dlúththeagmhálacha, tá sé tábhachtach a mheabhrú gurb iad na cinn is tábhachtaí ná na cinn a bhaineann le caitheamh masc. Moltar anois go n-úsáideann na daoine seo a leanas maisc de ghrád leighis nó FFP2:

• Duine ar bith 13 bliana d’aois nó níos sine ar cás deimhnithe é, nó dlúth-theagmhálaí nó a bhfuil siomptóim COVID-19 aige

• Daoine os cionn 60 bliain d’aois agus daoine leochaileacha de gach aois in áiteanna taobh istigh nó plódaithe taobh amuigh

• Aon duine a thugann cuairt ar shuíomh cúram sláinte nó a thugann cuairt orthu siúd atá leochaileach do COVID-19 in aon suíomh

“Féadann ról lárnach a bheith ag maisc maidir le tarchur COVID-19 a laghdú má dhéantar iad i gceart, má tá siad fáiscthe go maith agus má chaitear i gceart iad - is é sin go gclúdaíonn siad an srón, an béal agus an smig.

“Is é an bealach is fearr chun tú féin a chosaint ar na tionchair is déine a bhaineann le COVID-19 ná do theanndáileog den vacsaín COVID-19 a fháil. Léiríonn an fhianaise nach bhfuil daoine a fuair teanndáileog chomh so-ghabhálach i leith ionfhabhtaithe agus, má tá siad ionfhabhtaithe, nach bhfuil siad chomh tógálach do dhaoine eile.

“De réir ár dtaighde Amárach, dúirt 68% díobh siúd faoi bhun 35 bliana d’aois, a fuair príomhchúrsa iomlán vacsaínithe COVID-19 ach nach bhfuil teanndáileog faighte acu fós, go bhfaighidís teanndáileog dá dtairgfí é an tseachtain seo chugainn. Tá sé tábhachtach a mheabhrú nach gá duit fanacht go rachaidh an FSS i dteagmháil leat maidir le do choinne teanndáileog. Is féidir leat coinne a chur in áirithe ar líne ag www.hse.ie, buail isteach chuig do chógaslann áitiúil nó déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh.

“Le seachtain anuas tá breis is 46,000 leanbh idir 5-11 bliana d’aois vacsaínithe in Éirinn. Is bealach an-sábháilte agus éifeachtach iad vacsaíní chun leanaí a chosaint ón mbaol a bhaineann le hionfhabhtú COVID-19. Tá clinicí speisialta vacsaíne a thacaíonn le leanaí á n-oibriú ag FSS. Cinntigh le do thoil cuairt a thabhairt ar www.hse.ie le haghaidh faisnéise iontaofa maidir le vacsaíní COVID-19 nó chun coinne a chur in áirithe.

“Lean ar aghaidh leis na bearta bunúsacha sláinte poiblí, lena n-áirítear vacsaíniú, chun tú féin agus do mhuintir a chosaint ar ionfhabhtú. Caith an masc cuí atá molta duit, cleachtadh scaradh sóisialta agus sláinteachas láimhe maith, oibrigh ón mbaile mura gá freastal go pearsanta, seachain sluaite agus cinntigh go ndéantar spásanna laistigh agus iompar poiblí a aeráil trí fhuinneoga a oscailt go rialta.”

CRÍOCH

Nótaí

Tá staitisticí ar vacsaínithe teanndáileoige ar fáil anois ar Mhol sonraí COVID-19


  • I bhfianaise na minicíochta ard atá ann faoi láthair, tá líon na gcásanna laethúla bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh HPSC agus comhpháirtithe faireachais ag tabhairt fógra agus próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR thar an tréimhse seo.

**Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 atá deimhnithe ag PCR sa tsaotharlann a cláraíodh trí mhol sonraí Rianaire Cúraim Covid-19 FSS.