English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 21 Nollaig 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Tá 2,158 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 20 Nollaig, cuireadh 727 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 80,267* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 359 / is mná iad 366 díobh
  • Tá 62% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 36 aois airmheánach na ndaoine
  • Tá 311 i mBaile Átha Cliath, 51 i gCill Chainnigh, 48 i Loch Garman, 44 i nDún na nGall, 44 i gCorcaigh agus tá na 229 cás eile scaipthe ar fud 19 gcontae eile.

Amhail 2pm inniu tá 241 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 29 acu sin in ICU. Cuireadh 18 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Is cúis mhór imní dúinn treochtaí an ghalair atá againn faoi láthair Tá an scéal ag dul in olcas go tapa le cúpla lá anuas. Fógraíodh 3,837 cás san iomlán le 7 lá anuas. Tá an meán rollach cúig lá méadaithe ó 339 an 17 Nollaig go 616 an 21 Nollaig, méadú 82%. Tá sé chomh tábhachtach anois agus a bhí sé i mí an Mhárta do theagmhálacha a theorannú agus do ghaolta a chosaint."

Dúirt an Dr Lorraine Nolan, Príomhfheidhmeannach, Údarás Rialála Táirgí Sláinte:

“Fáiltímid inniu roimh fhógra an-suntasach ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach ina moladh an chéad vacsaín do COVID-19 san Eoraip a cheadú. Is forbairt lárnach í inár n-iarrachtaí leanúnacha dul i ngleic leis an bpaindéim seo. Beidh sí seo mar chuid bhreise inár sraith gníomhartha sláinte poiblí chun muid a chosaint ar COVID-19."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann NPHET:

“Tá an víreas ag tarchur go han-tapa, níos tapa ná mar a chonaiceamar ag pointe ar bith ó mhí an Mhárta. Tá líon na gcásanna ag fás 5-7% ar a laghad in aghaidh an lae agus ar fud gach aoisghrúpa chomh maith."

Dúirt an Dr. Cillian De Gascun, Víreolaí Leighis agus Stiúrthóir na Saotharlainne Tagartha Náisiúnta maidir le Víris;

“Go dtí seo, níor aimsíodh an leagan nua de SARS-CoV-2 na Ríochta Aontaithe in Éirinn. Mar sin féin, mar is eol dúinn go bhfuil an t-athróg ag scaipeadh sa Ríocht Aontaithe ó Mheán Fómhair, mar sin ní féidir linn an fhéidearthacht go bhfuil an leagan in Éirinn a eisiamh cheana féin. Táimid ag tabhairt tosaíochta do sheicheamh cásanna le naisc dheimhnithe nó amhrasta leis an RA."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 chás. Léiríonn an figiúr de 80,267 cás deimhnithe é seo.

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 20 Nollaig 2020) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 20 Noll 2020) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 20 Noll 2020) Cásanna Nua le 14 lá anuas (20 Noll 2020)
Éire 727 122.4 5,827
Dún na nGall 44 273.9 436
21 240.5 310
Cill Chainnigh 51 226.7 225
Loch Garman 48 199.7 299
Ceatharlach <5 191.5 109
An Cabhán 6 177.2 135
Laois <5 173.6 147
Luimnigh 35 164.7 321
Muineachán 15 148.2 91
Baile Átha Cliath 311 142.6 1,921
Longfort 0 141.9 58
Ciarraí 24 124.6 184
An Mhí 24 118.9 232
Maigh Eo <5 111.1 145
Port Láirge 16 107.6 125
Sligeach 8 103.8 68
Cill Dara 21 89.4 199
Cill Mhantáin 11 72.3 103
Tiobraid Árann 5 65.8 105
Corcaigh 44 57.8 314
Uíbh Fhailí 0 57.7 45
Gaillimh 15 51.5 133
Ros Comáin 6 51.1 33
An Iarmhí 5 47.3 42
An Clár 9 32 38
Liatroim <5 28.1 9