Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 23 Márta
- Foilsithe: 23 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Staitisticí ospidéil
- Inscne na n-othar
- An t-aoisraon a ndeachthas i bhfeidhm air
- Conas a bhíonn COVID-19 á leathadh
- Oibrithe cúram sláinte
- Cásanna a cuireadh san ospidéal de réir aoisghrúpa
- Cásanna de réir contae
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil. B’fhir ó oirthear na tíre iad an bheirt othar. Tá sé bhás a bhaineann le COVID-19 ann in Éirinn anois.
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte faoi 219 gcás dheimhnithe nua de COVID-19 in Éirinn amhail 1pm, Dé Luain an 23 Márta. Tá 1,125 chás dheimhnithe de COVID-19 ann in Éirinn anois.
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag obair anois chun aon daoine a bhféadfadh go raibh na hothair i dteagmháil leo a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh ar mhaithe le tuilleadh leata a chosc.
Nochtar an méid seo a leanas sna sonraí a d’eisigh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu, mar a bhí an scéal ag meán oíche, Dé Sathairn an 21 Márta (836 chás):
- baineann 55% de chásanna le fir agus baineann 44% díobh le mná, agus 37 mbraisle ann a chuimsíonn 210 gcás
- is é aois airmheánach na gcásanna deimhnithe ná 44 bliana d’aois
- cuireadh 239 gcás (29%) san ospidéal
- díobh sin a cuireadh san ospidéal, ligeadh 25 chás isteach san Aonad Dianchúraim
- baineann 208 gcás (25%) le hoibrithe cúram sláinte
- ba i mBaile Átha Cliath a chonacthas an líon ab airde cásanna, agus é cothrom le 471 chás (56% de na cásanna uile). Ba i gCorcaigh (104 chás) a chonacthas an dara líon ab airde cásanna (12% de na cásanna uile)
- maidir leis na cásanna sin a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: tá tarchur pobail freagrach as 45% díobh, tá dlúth-theagmháil freagrach as 23% díobh agus tá taisteal thar lear freagrach as 31% díobh
Léirítear i dtaighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte go mbíonn a lámha á nglanadh níos minice ag breis agus 93% den daonra mar thoradh ar Choróinvíreas.
Déanfar suirbhé ar líne atá ionadaíoch don tír ar fad ar 1,270 aosach dhá uair in aghaidh na seachtaine agus nochtar an méid seo a leanas sna torthaí ón suirbhé a rinneadh inniu:
- bíonn 88% de dhaoine ag fanacht sa bhaile, seachas ag dul amach
- bíonn 84% de dhaoine ag cloí le scaradh sóisialta agus iad ag ciúáil
- bíonn 71% de dhaoine ag suí níos faide ar shiúl ó dhaoine eile anois
- tá muinín ag 75% de dhaoine gurb eol dóibh na bearta a bheidh le déanamh acu i gcás go dtiocfaidh siomptóim orthu agus is eol do 90% de dhaoine an dá shiomptóm is coitianta (fiabhras agus casacht)
Má tá siomptóim amhail fiabhras agus casacht ort, féinleithlisigh agus cuir glao ar do lia-chleachtóir ginearálta, a thabharfaidh treoir duit ansin.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"Tuigimid an imní atá ag teacht ar dhaoine mar thoradh ar an ráig seo. Bíonn na gnéithe uile dár gcomhairle sláinte poiblí á n-athbhreithniú go seasta ag an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí agus ní bheidh aon drogall ar bith orainn tuilleadh beart a dhéanamh nuair is gá, ar bearta iad a bheidh bunaithe ar fhianaise eipidéimeolaíochta agus a bheidh i gcomhréir le heispéireas na hÉireann ar an ráig seo.
"Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile an athuair maidin amárach, áit a leanfaimid le freagairt na hÉireann a athbhreithniú agus le tuilleadh moltaí a dhéanamh de réir mar is cuí."
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"Is é féinleithlisiú an rud is tábhachtaí is féidir le daoine a dhéanamh nuair atá siomptóim orthu. Cé go leanfaimid le tástáil a mhéadú in Éirinn ar aon dul leis na treoirlínte ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, tá leithlisiú agus scaradh sóisialta ar na gníomhartha is tábhachtaí is féidir linn a dhéanamh in aghaidh an víris seo."
CRÍOCH
Staitisticí ospidéil
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Sathairn an 21 Márta.
Inscne na n-othar
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Sathairn an 21 Márta.
An t-aoisraon a ndeachthas i bhfeidhm air
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Sathairn an 21 Márta.
Conas a bhíonn COVID-19 á leathadh
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Sathairn an 21 Márta.
Tabhair faoi deara:
I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus nach raibh an duine sin thar lear nó nach raibh aon teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur pobail.
I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus go mbeifear in ann é sin a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur áitiúil.
Oibrithe cúram sláinte
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Sathairn an 21 Márta.
Cásanna a cuireadh san ospidéal de réir aoisghrúpa
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Sathairn an 21 Márta.
Cásanna de réir contae
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Sathairn an 21 Márta.
Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.