English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 23 Samhain 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Tá 2,022* san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr 2,022 é seo.)

Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 22 Samhain, cuireadh 252 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 70,711* * cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

(* *Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 70,711 cás deimhnithe é seo.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 124 agus is mná iad 128 díobh
  • tá 65% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 34 aois airmheánach na ndaoine
  • 88 i mBaile Átha Cliath, 26 i gCorcaigh, 21 i gCill Chainnigh, 16 i Lú, 16 i Maigh Eo agus 85 scaipthe ar fud 20 contae eile

Amhail 2pm inniu, tá 289 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 33 díobh sin san aonad dianchúraim. Cuireadh 11 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 22 Samhain 2020) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 22 SAMH 2020) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (09 SAMH 2020 go 22 SAMH 2020) Cásanna Nua le 14 lá anuas (09 SAMH 2020 go 22 SAMH 2020)
Éire 252 108.7 5,177
Dún na nGall 13 227.4 362
16 211.8 273
Luimneach 12 195.0 380
Ros Comáin <5 158.0 102
Port Láirge <5 155.8 181
An Mhí <5 124.6 243
Uíbh Fhailí <5 119.3 93
Baile Átha Cliath 88 119.0 1,603
Muineachán 5 114.0 70
An Iarmhí <5 112.7 100
Cill Chainnigh 21 106.8 106
Longfort <5 97.9 40
An Cabhán <5 95.8 73
Maigh Eo 16 88.9 116
Tiobraid Árann <5 88.4 141
An Clár <5 85.8 106
Cill Dara 6 83.6 186
Corcaigh 26 81.6 443
Sligeach 5 76.3 50
Ceatharlach 0 75.5 43
Liatroim <5 65.5 21
Cill Mhantáin 6 65.3 93
Gaillimh 5 63.6 164
Ciarraí 6 60.3 89
Laois <5 57.9 49
Loch Garman <5 36.1 54

Nóta: D'eascair 101 de na cásanna sin i mí Dheireadh Fómhair. Is ionann iad seo agus níos lú ná 2% de na cásanna le 14 lá anuas agus tabharfar cunatas ar a dtionchar ar mhinicíocht reatha i ngach ríomh ábhartha.