English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 28 Meán Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Tá 1,802 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.

Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 27 Meán Fómhair, cuireadh 390 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 35,377* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 189 / is mná iad 199 díobh
  • Tá 66% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • Deimhnítear go bhfuil baint ag 36% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
  • Aithníodh 45 cás mar thras-seoladh pobail
  • Tá 209 cás i mBaile Átha Cliath, 27 i gCorcaigh, 22 i nDún na nGall, 21 i nGaillimh, 14 i gCill Dara, 14 i Muineachán, 7 i Ros Comáin, 7 i dTiobraid Árann, 7 i bPort Láirge, 7 i Loch Garman, 6 i Luimneach, 6 i Longfort. , 5 i Laois, 5 sa Mhí, 5 in Uíbh Fhailí, 5 i Sligeach, agus na 23 cás eile in 8 gcontae.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Soláthraíonn Deais COVID-19Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Iarraim ar gach duine, ach go háirithe orthu siúd atá ina gcónaí agus ag obair i gCorcaigh, Gaillimh, Muineachán agus Ros Comáin, cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí. Tá am fós ann an víreas a chur ar ais faoi smacht sna ceantair seo, slabhraí an tarchuir a bhriseadh agus scaipeadh an ghalair an-tógálach seo a stopadh sna pobail seo.

“Tá a fhios againn na príomhghníomhartha atá le déanamh chun fanacht sábháilte, fanacht achar 2m amach ó dhaoine, do theagmhálacha sóisialta a laghdú, masc aghaidh a chaitheamh, casacht agus sraothartach a chlúdach agus fanacht sa bhaile agus teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh má thosaíonn tú ag aireachtáil tinn, tá tú ag déanamh gach rud is féidir leat chun aire a thabhairt duit féin agus dóibh siúd atá timpeall ort."

Dúirt Jerick Martin, oibrí Cúraim Sláinte:

“Ba dhuine folláin agus aclaí mé i mo thríochaidí, ag obair agus ag baint taitneamh as mo shaol. Laistigh de chúig lá ó fuair mé mo chéad siomptóim de COVID-19 tugadh isteach san ospidéal mé, áit ar chaith mé 68 lá i ndianchúram, an chuid is mó den am sin ar aerálaí, i gcóma spreagtha. Is cuma leis an ngalar seo go bhfuil tú óg, aclaí agus sláintiúil. Is cuma leis go bhfuil teaghlach agat atá ag fanacht leat teacht abhaile. Is féidir le duine ar bith é a tholg, agus féadfaidh duine ar bith a bheith an-tinn."

Dúirt an Dr. Michael Power, Comhairleoir Leigheas Dianchúraim, Ospidéal Beaumount:

“Insíonn scéal agus taithí Jerick Martin dúinn go raibh agus go bhfuil an víreas COVID contúirteach agus gan staonadh. Meabhraíonn sé dúinn go bhfuil comhlíonadh na mbeart sláinte poiblí ríthábhachtach chun scaipeadh an ghalair seo a theorannú."

Dúirt Lorna Fitzpatrick, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn:

“Is tréimhse an-deacair é seo do dhaoine óga, ach tá ról ríthábhachtach ag mic léinn chun gach duine sa phobal a choinneáil slán. Is í an teachtaireacht atá agam do mhic léinn inniu aird a thabhairt ar threoirlínte sláinte poiblí agus tú ag déanamh pleananna agus cinntí faoi cá háit le dul agus cé le feiceáil. Chomh maith leis sin, tá sé chomh tábhachtach aire a thabhairt do do mheabhairshláinte ag an am seo. Déan cinnte go bhfuil tú i dteagmháil le do chairde agus do theaghlach ar an bhfón, ar líne agus ar bhealaí beaga sábháilte go pearsanta. Cuimhnigh go bhfuil sé riachtanach i láthair na huaire labhairt le daoine eile agus cabhair a lorg nuair a theastaíonn sí uait."

Dúirt Liam Woods, Stiúrthóir Náisiúnta FSS, Géaroibríochtaí:

“Tá an líne tosaigh maidir le COVID-19 i mbardaí an ICU agus sna hospidéil. De réir mar a thagann méadú ar an líon sa phobal, treisíonn an brú ar oibrithe cúram sláinte agus seirbhísí túslíne. Caithfimid leanúint ar aghaidh ag tarraingt le chéile sna seachtainí amach romhainn chun scaipeadh an ghalair inár dtithe, inár bpobail agus inár n-ionaid oibre a íoslaghdú, chun an brú ar sheirbhísí cúram sláinte ríthábhachtacha COVID agus neamh-COVID a mhaolú."

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 35,377 cás deimhnithe é seo.

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Léiríonn taighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte go bhfuil an leibhéal imní anois ag 6.7/10.

Léiríonn an sampla ionadaíoch náisiúnta de 1,650 duine a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte inniu, an 28 Meán Fómhair an méid seo a leanas;

  • Tá an leibhéal imní méadaithe go dtí 6.7/10, cosúil leis an leibhéal imní a cuireadh in iúl i mí Aibreáin, agus is iad na príomhfhoinsí imní ná ró-ualach an chórais sláinte, sláinte an teaghlaigh agus cairde, agus an gheilleagair
  • Creideann 51% den daonra go bhfuil chuid is measa den phaindéim fós le theacht, an leibhéal is airde a tuairiscíodh ó mhí Aibreáin.
  • Measann 54% gur chóir go mbeadh níos mó srianta ann, cosúil leis na leibhéil a tuairiscíodh i mí an Mhárta