English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 29 Márta 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 29 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.

4,667 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 28 Márta, cuireadh 539 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 235,078* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 288 / is mná iad 249 díobh
  • Tá 73% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 32 aois airmheánach na ndaoine
  • 262 i mBaile Átha Cliath, 32 i gCill Dara, 30 san Iarmhí, 26 i nGaillimh, 21 sa Mhí, 21 in Uíbh Fhailí agus tá na 147 cás eile scaipthe ar fud 20 contae eile**.

Amhail 8am inniu, tá 331 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 70 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 19 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 26 Márta 2021, bhí 786,569 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • Bhí a gcéad dáileog faighte ag 567,023 duine
  • Tá a dara dáileog faighte ag 219,546 duine

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 235,078 cás deimhnithe é seo.

**Ba cheart sonraí contae a mheas go amhail is gur sonraí sealadacha iad toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe náisiúnta um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 28 Márta 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 28 Márta 2021) Meán gluaiseachta 5 lá (go meán oíche 28 Márta 2021) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (15 Márta 2021 go 28 Márta 2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (15 Márta 2021 go 28 Márta 2021)
Éire 539 591 163.7 7,796
Uíbh Fháilí 21 27 455.4 355
Dún na nGall 17 36 282 449
Baile Átha Cliath 262 249 248.9 3,353
An Iarmhí 30 21 218.5 194
Cill Dara 32 39 217.1 483
An Mhí 21 29 215.3 420
An Longfort 9 7 212.9 87
Laois 16 15 180.6 153
Tiobraid Árann 8 18 166.7 266
An Cabhán 14 13 157.5 120
13 18 156 201
Loch Garman 8 16 146.3 219
Ros Comáin <5 6 131.7 85
Port Láirge <5 7 120.5 140
Gaillimh 26 18 117.8 304
Cill Mhantáin <5 14 111.6 159
Luimneach 17 18 99 193
Ceatharlach <5 2 98.4 56
Maigh Eo 9 9 65.1 85
Liatroim <5 2 62.4 20
Sligeach <5 1 61 40
An Clár <5 5 58.9 70
Cill Chainnigh <5 4 47.4 47
Muineachán <5 2 45.6 28
Corcaigh 15 18 40.9 222
Ciarraí <5 1 31.8 47

~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.

  • Minicíocht 7 lá 84.2
  • Meán gluaiseachta 5 lá 591