English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 30 Samhain 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 30 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 1 Nollaig 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 2,053 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 29 Samhain, cuireadh 306 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 72,544* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 72,544 cás deimhnithe é seo.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 156 agus is mná iad 148
  • tá 67% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 35 aois airmheánach na ndaoine
  • 108 i mBaile Átha Cliath, 30 i Luimneach, 22 i nGaillimh, 17 i nDún na nGall, 15 i gCill Mhantáin, 14 i gCorcaigh agus tá an 100 cás eile scaipthe ar fud 18 gcontae eile

Amhail 2pm inniu tá 244 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 31 díobh sin san aonad dianchúraim. Cuireadh triúr in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH