Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 6 Aibreán

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 6 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 6 Aibreán 2020

Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 16 othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil:

  • tá 11 duine básaithe san oirthear, 4 san iarthuaisceart, 1 in iarthar na tíre
  • bhí 6 bean agus 10 fear san áireamh sna hothair
  • tuairiscíodh go raibh fadhbanna eile sláinte ag 4 othar
  • 78 aois airmheánach na mbásanna a tuairiscíodh inniu

Tá 174 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois. 81 aois airmheánach na mbásanna in Éirinn. As na 174 bás, bhí 114 fireann agus 60 bean.

Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte go bhfuil 370 cás nua deimhnithe de COVID-19 in Éirinn, amhail 1pm, Dé Luain an 6 Aibreán.

Tá 5,364 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Léiríonn taighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte, suirbhé ar líne atá ionadaíoch go náisiúnta ar 1,270 duine fásta inniu, agus a dhéanfar faoi dhó sa tseachtain, an méid seo a leanas:

  • tá laghdú tagtha ar chéatadán na ndaoine atá ag bailiú stoic ó bhuaic 43% i lár mhí an Mhárta go 20% inniu
  • creideann 86% de dhaoine go bhfuil srianta reatha an rialtais “gar don mharc”
  • tá 67% ag idirghníomhú le teaghlaigh agus le cairde ar an bhfón

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Léiríonn ár dtaighde go bhfuil an leibhéal foriomlán imní fós ard ag 7 as 10 ach nár tháinig méadú suntasach air ó lár mhí an Mhárta, in ainneoin gur tugadh isteach bearta níos srianta."

Dúirt an Dr. Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS:

"Tá ár gcóras Cúram Sláinte ag ullmhú le haghaidh borradh i gcásanna COVID-19 ach tá sé tábhachtach a mheabhrú do dhaoine go bhfuil gach gníomhaíocht éigeandála agus riachtanach á déanamh ag na hospidéil go fóill."

Cásanna amhail Dé Sathairn an 4 Aibreán

Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Sathairn, an 6 Aibreán (4,916 cás):

  • is fir iad 46% agus is mná iad 54% díobh, agus baineann 989 cás le 260 cnuasach
  • 49 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
  • cuireadh 1,265 cás (26%) san ospidéal
  • díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 169 cás isteach san ICU
  • tá baint ag 1,263 cás (26%) le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an líon is mó cásanna i mbaile átha cliath le 2,692 cás, (55% de na cásanna go léir) agus i gcorcaigh ina dhiaidh sin le 362 cás (7%)
  • díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 65%, is ionann dlúth-theagmháil agus 23%, is ionann taisteal thar lear agus 12%

Is féidir leat na sonraí is déanaí a fheiceáil ar Deais COVID-19 (Coróinvíreas).

CRÍOCH

Staitisticí ospidéil

Líon iomlán na gcásanna
4916
Líon iomlán san ospidéal
1265
Líon iomlán a tugadh isteach san ICU
169
Líon iomlán na mbásanna
167
Líon iomlán na n-oibrithe cúram sláinte
1263
Líon na gcnuasach curtha in iúl
260
Aois airmheánach
49
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 4 Aibreán.

Inscne na n-othar

Inscne
Líon
mar % den Iomlán
Baineann
2633
53.6
Fireann
2235
45.5
Anaithnid
48
1
Iomlán
4916
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 4 Aibreán.

Raon aoise lena mbaineann

Aoisghrúpa
Líon
mar % den Iomlán
<1
11
0.2
1 - 4
13
0.3
5 - 14
36
0.7
15 - 24
287
5.8
25 - 34
820
16.7
35 - 44
902
18.3
45 - 54
907
18.4
55 - 64
697
14.2
65+
1229
25
Anaithnid
14
0.3
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 4 Aibreán.

An chaoi a bhfuil COVID-19 ag scaipeadh

Tarchur pobail
65%
Dlúth-theagmháil le cás deimhnithe
23%
Taisteal Thar Lear
12%
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 4 Aibreán.

Tabhair ar aird:

Sa chás go bhfaigheann duine toradh deimhneach ar a dtástáil le haghaidh COVID-19 agus nach raibh sé/sí thar lear nó nach raibh teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur pobail air sin.

Sa chás gur féidir duine toradh deimhneach do COVID-19 a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur logánta air sin.

Cásanna san ospidéal de réir aoisghrúpa

Aoisghrúpa
Líon na gcásanna
Céatadán den iomlán
<5
3
0.2
5 - 14
7
0.6
15 - 24
35.
2.8
25 - 34
93
7. 4
35 - 44
111.
8.8
45 - 54
188.
14.9
55 - 64
191.
15.1
65+
635
50.2
Anaithnid
2
0.2
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 4 Aibreán.

Cásanna de réir contae

Ceatharlach
12
0.2%
An Cabhán
115
2.3%
An Clár
60
1.2%
Corcaigh
362
7.4%
Dún na nGall
103
2.1%
Baile Átha Cliath
2692
54.8%
Gaillimh
112
2.3%
Ciarraí
89
1.8%
Cill Dara
175
3.6%
Cill Chainnigh
75
1.5%
Laois
25
0.5%
Liatroim
13
0.3%
Luimneach
140
2.8%
Longfort
21
0.4%
65
1.3%
Maigh Eo
107
2.2%
An Mhí
141
2.9%
Muineachán
52
1.1%
Uíbh Fhailí
66
1.3%
Ros Comáin
18
0.4%
Sligeach
28
0.6%
Tiobraid Árann
125
2.5%
Port Láirge
49
1%
An Iarmhí
107
2.2%
Loch Garman
21
0.4%
Cill Mhantáin
142
2.9%
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 4 Aibreán.

Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat