Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 6 Iúil 2020
- Foilsithe: 6 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 7 Iúil 2020
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Is é 1,741 líon iomlán na mbásanna a bhaineann le COVID-19 in Éirinn.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 5 Iúil, cuireadh 4 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,531 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Le 14 lá anuas, is ionann líon iomlán na gcásanna deimhnithe a cuireadh in iúl don HPSC agus 141. Astu sin;
- Fir 45% / Mná 55%
- 37 an aois airmheánach; bhí 66% de na cásanna sin faoi 45 bliana d’aois
- Thuairiscigh 20 contae cásanna nua; Baile Átha Cliath 41%, Cill Dara 17% & Sligeach 12%
- Bhain 15% de na cásanna seo le taisteal
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte;
“Mura mbraitheann timpeallacht sábháilte, nó murar féidir leat comhairle sláinte poiblí a leanúint, ná téigh isteach inti agus téigh áit éigin eile.
“Idir lár mhí na Bealtaine agus deireadh mhí an Mheithimh, níor ghlac 35% díobh siúd a sainaithníodh mar dhlúth-theagmháil le cás deimhnithe le tairiscint tástála. Tá an cumas ag gach cás iompú ina chnuasach, a bhfuil sé de chumas aige scaipeadh trí phobal. Má aithnítear gur dlúth-theagmhálaí tú, glac le tairiscint tástála gan mhoill. "
Dúirt Rachel Kenna, Príomhoifigeach Altranais, an Roinn Sláinte;
“Má ligtear dó scaipeadh, tá an cumas ag COVID-19 ár seirbhís sláinte a chur a a riocht. Fanann ár n-oibrithe cúram sláinte ar líne tosaigh na paindéime seo, agus braitheann an méid a chaithfidh ár seirbhís sláinte dul i ngleic leis sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn ar na roghanna a dhéanann gach aon duine againn. Lean ort ag leanúint na dtreoirlínte; cloí le scaradh fisiciúil, nigh do lámha go rialta, bain úsáid as béasaíocht casachta/sraothartaí, caith clúdaigh aghaidh go cuí."
Dúirt an Dr. Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS;
“Tá daoine leochaileacha agus seandaoine ag brath ar ghníomhartha gach duine againn ar mhaithe lena sábháilteacht. Má thosaíonn an víreas ag scaipeadh inár bpobail, beidh na comhshaoránaigh sin i mbaol is mó. Níor cheart go mbeadh aon amhras orainn faoin am seo go sábhálfaidh na cinntí a dhéanaimid, atá ar aon dul le comhairle sláinte poiblí, saol daoine."
CRÍOCH
Taispeánann taighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte leibhéal níos airde imní foriomlán i measc an phobail agus méadú leanúnach ar chion an daonra a mheasann go dtiocfaidh an dara ráig.
Léiríonn an sampla ionadaíoch náisiúnta de 2,004 duine a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte inniu;
- Measann beagnach trí cheathrú (74%) go mbeidh an dara ráig ann - ardú 20% le mí anuas.
- Creideann 41% den daonra anois go bhfuil an chuid is measa den phaindéim taobh thiar dínn agus creideann duine as gach triúr (32%) go bhfuil sí fós le theacht