Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 7 Meán Fómhair 2020
- Foilsithe: 7 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Tá 1,777 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 6 Meán Fómhair, cuireadh 4 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 29,774 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
- Is fir iad 45 / is mná iad 57 díobh
- Tá 75% faoi bhun 45 bliain d’aois
- Deimhnítear go bhfuil baint ag 48% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
- Aithníodh 19 cás mar thras-seoladh pobail
- Tá 56 i mBaile Átha Cliath, 11 i Liatroim, 6 i nGaillimh, agus 29 cás i gCeatharlach, an Cabhán, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, an Longfort, Lú, Maigh Eo, an Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann, an Iarmhí agus Loch Garman.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Táimid ag déanamh monatóireachta ar líon na gcásanna go náisiúnta, go háirithe i Luimneach agus i mBaile Átha Cliath. Tá na seacht lá amach romhainn ríthábhachtach; ní mór do gach duine a gcuid teagmhálacha a laghdú agus glacadh leis go bhféadfadh an víreas a bheith ag duine ar bith a mbuaileann tú leis."
Dúirt an tOllamh Pete Lunn, bunaitheoir agus ceann Aonad Taighde Iompraíochta ESRI;
“Anois an t-am le pleanáil do mhíonna an gheimhridh amach romhainn. Glac smacht ar do thimpeallacht féin trína chinntiú go bhfuil do theaghlach cothrom le dáta agus ag gníomhú, maidir le comhairle sláinte poiblí. Bíodh sé de nós agat dul taobh amuigh, sóisialú agus aclaíocht a dhéanamh go sábháilte agus scaradh fisiceach ó dhaoine eile i bhfeidhm agat. Téigh in oiriúint ar iompraíochtaí atá freagrach ó thaobh covid de laistigh agus lasmuigh den bhaile.
“Pleanáil do na garspriocanna; mar Oíche Shamhna, Nollaig agus Oíche Chinn Bliana i dtimpeallacht COVID-19. Bí nuálaíoch maidir leis an gcaoi ar féidir leat ceiliúradh a dhéanamh go sábháilte le do mhuintir.
“Beidh dúshláin bhreise ann i mbliana agus mar sin tabhair tosaíocht do do mheabhairshláinte agus do shláinte choirp, bíodh a fhios agat conas infheistíocht a dhéanamh iontu gach seachtain.
“Roghnaigh líonra dlúth-chuairteoirí sóisialta an geimhreadh seo agus tabhair tosaíocht do bhaill de do theaghlach nó do chairde a d’fhéadfadh a bheith scoite amach."
Dúirt an Dr. Abigail Collins, Comhairleoir Míochaine Sláinte Poiblí, FSS;
“D’fhonn ár scoileanna a choinneáil oscailte, caithfimid a bheith airdeallach inár dtithe féin - bí ullamh do na roghanna agus na gníomhartha a chaithfidh gach duine i do theaghlach a dhéanamh sna míonna amach romhainn. Más féidir linn smacht a fháil ar ár dteaghlaigh agus a chinntiú go gcomhlíonann siad rialacha COVID i rith thréimhse an gheimhridh, déanfaimid ár ndícheall ar bpobail a chosaint. Sa phaindéim seo, is ag gníomhartha ar scála beag a bheidh an tionchar is mó."
Dúirt Rachel Kenna, Príomhoifigeach Altranais, an Roinn Sláinte;
“Tá sé tábhachtach go bhfanfaimis ar an airdeall faoi COVID-19. Tá a fhios againn conas gníomhú, anois tá sé in am ár n-iarrachtaí a athdhíriú. Bíodh a fhios agat conas clúdach aghaidhe a chaitheamh go cuí agus conas é a bhaint agus a dhiúscairt go sábháilte. Má úsáidtear clúdach aghaidhe go mícheart d'fhéadfaí do riosca ionfhabhtaithe a mhéadú.
"Mholfainn do gach teaghlach agus clann féachaint ar an treoir faoi conas chlúdach aghaidhe a chaitheamh agus úsáid shábháilte a chleachtadh."
CRÍOCH
Tugann an taighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte (ar fáil anseo) le fios;
- Seasann an leibhéal imní anois ag 6.3/10, ar ais go dtí an leibhéal céanna imní a cuireadh in iúl i mí Aibreáin, agus is iad sláinte an teaghlaigh agus cairde agus an geilleagar na príomhfhoinsí imní
- Ceapann 76% den daonra “go mbeidh an dara ráig ionfhabhtuithe COVID-19 ag Éirinn”
- Ar an iomlán, measann 72% go bhfuil Éire ag iarraidh filleadh ar an ngnáth ag “thart ar an luas ceart” (46%) nó “beagán ró-thapa” (26%)