Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 8 Feabhra 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil seisear le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh cúigear díobh sin i mí Feabhra agus bhásaigh duine díobh i mí Eanáir.

84 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 75-95 an raon aoise.

3,687* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 7 Feabhra, cuireadh 829 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 204,397* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 401 / is mná iad 426 díobh
  • Tá 63% faoi bhun 45 bliana d'aois
  • 35 aois airmheánach na ndaoine
  • Tá 386 i mBaile Átha Cliath, 39 sa Mhí, 36 i gCorcaigh, 35 i gCill Dara, 32 i Lú agus tá an 301 cás eile scaipthe ar fud 20 contae eile.**

Amhail 8am inniu tá 1,212 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 176 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 39 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 5 Feabhra, bhí 230,776 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • Bhí a gcéad dáileog faighte ag 151,212 duine
  • Bhí an dara dáileog faighte ag 79,554 duine

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 5 bhás. Léiríonn an figiúr de 3,687 bás é seo.

**Ba cheart sonraí contae a mheas go amhail is gur sonraí sealadacha iad toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe náisiúnta um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 07 Feabhra 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae
Cásanna an lae inniu (go meán oíche 07 Feabh 2021)
Meán gluaiseachta 5 lá (go meán oíche 07 Feabh 2021)
Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (25 Ean 2021 go 07 Feabh 2021)
Cásanna Nua le 14 lá anuas (25 Ean 2021 go 07 Feabh 2021)
Éire
829
1,008
326.9
15,566
Muineachán
12
27
692.3
425
Ceatharlach
30
21
505.9
288
Port Láirge
9
29
446.7
519
32
30
444.6
573
Loch Garman
11
37
404.8
606
Baile Átha Cliath
386
356
403.8
5,440
Maigh Eo
17
27
364
475
An Mhí
39
50
348.1
679
Gaillimh
28
53
336.7
869
Uíbh Fháilí
12
15
320.7
250
Luimneach
32
44
316.1
616
Dún na nGall
9
29
308.4
491
Cill Dara
35
49
298.4
664
An Longfort
7
9
293.6
120
An Cabhán
32
19
283.6
216
Laois
11
18
281
238
Corcaigh
36
83
249.6
1,355
An Iarmhí
15
18
249
221
Sligeach
<5
10
241.1
158
Cill Mhantáin
10
19
221.2
315
Tiobraid Árann
27
17
213.1
340
An Clár
10
13
173.4
206
Liatroim
0
4
156
50
Cill Chainnigh
14
11
151.2
150
Ciarraí
5
14
146.9
217
Ros Comáin
6
7
131.7
85

~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.

  • Minicíocht 7 lá 145.5
  • Meán gluaisteacha 5 lá 1,008

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat