Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 9 Lúnasa 2021
- Foilsithe: 9 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 10 Lúnasa 2021
Amhail meán oíche, Dé Domhnaigh an 8 Lúnasa, táimid ag tuairisciú 1,522* cás deimhnithe de COVID-19.
Amhail 8am inniu, tá 217 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 34 acusan san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Le coicís anuas tá beagnach 20,000 cás tuairiscithe againn. Cé go raibh 17% de na cásanna sin i measc daoine a bhfuil dhá vacsaín faighte acu, tá sé seo ag teacht go hiomlán leis an méid a mbeimis ag súil leis de réir mar a fhaigheann cion méadaitheach dár ndaonra an vacsaín. Tá sé tábhachtach cuimhneamh nach gciallaíonn sé seo nach bhfuil vacsaíní éifeachtach. Cé nach gcuirfidh siad cosc ar gach cás, soláthraíonn siad cosaint den scoth i gcoinne galair thromchúisigh agus laghdaíonn siad an riosca go gcaithfeadh duine dul isteach san ospidéal go suntasach.
"Má tá tú ag fanacht ar an dara dáileog den vacsaín nó má fuair tú an dara dáileog le déanaí, tabhair ar aird nach bhfuil tú vacsaínithe go hiomlán fós. Beidh tú vacsaínithe go hiomlán seachtain amháin tar éis do dhara dáileog de Pfizer agus coicís tar éis do dhara dáileog de Moderna agus AstraZeneca. Má fuair tú Janssen, níl tú vacsaínithe go hiomlán go dtí coicís tar éis duit an vacsaín a fháil."
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá sé tábhachtach an chomhairle sláinte poiblí a leanúint. Cuimhnigh le do thoil gur chóir duit fanacht sa bhaile má tá siomptóim ort cosúil le slaghdán nó fliú fiú má tá tú vacsaínithe go hiomlán, toisc go bhféadfá COVID-19 a scaipeadh fós. Féin aonraigh láithreach. Ná fan le torthaí do thástála mar d'fhéadfá Covid-19 a scaipeadh chuig daoine eile i do theaghlach agus i do phobal. Ní mór dúinn oibriú le chéile chun scaipeadh an ghalair inár bpobail a theorannú agus is féidir é sin a dhéanamh trí fanacht amach ón ionad oibre agus gan casadh le daoine eile má tá aon siomptóim agat."
- D’fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú mar gheall ar athbhreithniú, bailíochtú agus nuashonrú sonraí sa todhchaí.