English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt 09 Samhain 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 9 Samhain 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 3,578 cás dearbhaithe de COVID-19.

Amhail 8rn inniu, tá 520 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 83 acu in Aonad Dianchúraim.

Dúirt an Dochtúir Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:

“Inniu tá 3,578 cás de COVID-19 á dtuairisciú againn, a bhfuil 520 cás san ospidéal agus 83 in Aonad Dianchúraim.

“Thugamar tuairisc ar níos mó ná 44,000 cás le 14 lá anuas. Tá méid an ghalair sa phobal an-ard i ndáiríre agus is baol suntasach é dóibh siúd is leochailí inár sochaí.

“Caithfimid leanúint ar aghaidh ag úsáid na n-uirlisí go léir atá ar fáil dúinn chun sinn féin agus daoine eile a chosaint. Trí na bearta sláinte poiblí go léir a bhfuil an-chur amach againn orthu a chur le chéile, is féidir linn cabhrú le slabhraí an tarchuir a bhriseadh. Déan cinnte go mbíonn tú ag níochán do lámha go rialta, ag caitheamh masc ar iompar poiblí agus i suíomhanna sóisialta eile, déan iarracht bualadh le daoine eile lasmuigh agus cinntigh go bhfuil spásanna faoi dhíon aeráilte go maith. Agus ar ndóigh tá sé riachtanach go ndéanann duine ar bith a bhfuil siomptóim orthu féin-aonrú agus go bhfaigheann siad tástáil.

Nóta

Bhí tionchar ag saincheist theicniúil ar phróiseáil cásanna COVID-19 ar CIDR an 2ú Samhain 2021. I bhfianaise an tionchair ar fhógraí CIDR, bhí líon na gcásanna laethúla a tuairiscíodh idir 3ú agus 8ú Samhain, bunaithe ar thorthaí SARS-CoV-2 a uaslódáladh chuig an Rianaire Cúraim COVID . Bhí na sonraí seo sealadach.

Tá tús curtha arís inniu le tuairisciú cásanna laethúla de chásanna a dtugtar fógra dóibh ar CIDR.

Is é 25,727 líon iomlán na gcásanna a dtugtar fógra dóibh ar CIDR don seachtain ón 2ú Samhain go dtí meánoíche an 8ú Samhain.

Is é 477,878 líon iomlán carnach na gcásanna a dtugtar fógra dóibh ar CIDR amhail meán oíche 8ú Samhain.