Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt 12 Deireadh Fómhair 2021
- Foilsithe: 12 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 1,466* cás dearbhaithe de COVID-19.
Amhail 8rn inniu, tá 402 othar le COVID-19 san ospidéal, a bhfuil 73 acu in Aonad Dianchúraim.
Dúirt an Dochtúir Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:
“Le cúpla lá anuas chonaiceamar líon méadaitheach daoine le COVID-19 á nglacadh isteach san ospidéal agus chuig dianchúram. Le déanaí, níor vacsaíodh go hiomlán thart ar 70% de na daoine atá ag fáil cóir leighis i ndianchúram do COVID-19. Is cúis mhór imní í seo.
“Brisfidh vacsaíniú, chomh maith lenár gcloí leanúnach leis an gcomhairle sláinte poiblí, slabhraí an tarchuir agus laghdóidh sé minicíocht COVID-19 inár bpobail. Má léiríonn tú aon siomptóim de COVID-19 lena n-áirítear teocht ard, casacht tirim, nó siomptóim cosúil le fliú – fan sa bhaile le do thoil. Ná téigh ag obair, ar scoil, go dtí an coláiste nó ná buail le daoine.
“Molaim go láidir d’aon duine nach bhfuil vacsaínithe fós an deis a thapú é sin a dhéanamh a luaithe is féidir chun tú féin agus na daoine mórthimpeall ort a chosaint ó COVID-19.
“Molaim freisin d’aon duine atá incháilithe le haghaidh vacsaín fliú teacht chun tosaigh agus é a fháil a luaithe a thairgtear duit é. Is féidir leat coinne a shocrú chun do vacsaín fliú a fháil trí do dhoctúir ginearálta nó ón gcógaslann áitiúil.
“Lean ort ag ní do lámha go rialta, caith masc nuair is cuí – go háirithe i suíomhanna miondíola, ar iompar poiblí agus i suíomhanna cúram sláinte; coinnigh d’achar, oscail fuinneoga agus déan spásanna laistigh a aeráil, agus roghnaigh lasmuigh nuair is féidir chun bualadh le daoine eile.
“Cabhróidh an tsraith beart seo le tarchur COVID-19, fliú séasúrach, slaghdáin agus tinnis riospráide eile atá níos forleithne i míonna an gheimhridh a stopadh.”
D’fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú mar gheall ar bhailíochtú sonraí sa todhchaí