Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt 18 Eanáir 2022
- Foilsithe: 18 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 5,767* cás dearbhaithe de COVID-19.
Ina theannta sin, ar an Luan 17 Eanáir, chláraigh 5,916** duine tástáil dhearfach antaigine trí thairseach FSS.
Amhail 8rn inniu, tá 979 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 93 acusan in Aonad Dianchúraim.
Nótaí
Tá staitisticí ar vacsaíní teanndáileoige ar fáil anois ar an mol sonraí COVID-19.
CosaintIlshraitheach chun tú féin a chosaint ó ionfhabhtú COVID-19. Tá [internal-link 204859 |réimse póstaeir agus comharthaí] ar fáil duit le húsáid.
I bhfianaise na minicíochta ard atá ann faoi láthair, tá líon na gcásanna laethúla bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 a uaslódáladh chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh an HPSC agus comhpháirtithe faireachais ar aghaidh ag tabhairt fógra agus ag próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR le linn na tréimhse seo.
**Tá na sonraí seo sealadach agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 arna ndeimhniú ag PCR saotharlainne arna gclárú trí Rianaire Cúraim Covid FSS. Mol sonraí COVID-19.