Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt 25 Eanáir 2022
- Foilsithe: 25 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 26 Eanáir 2022
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 4,006* cás deimhnithe de COVID-19.
Ina theannta sin, ar an Luan 24 Eanáir, chláraigh 5,212** duine tástáil dhearfach antaigine trí thairseach FSS.
Amhail 8rn inniu, tá 824 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 79 acusan in Aonad Dianchúraim.
CRÍOCH
Tá staitisticí ar vacsaíní teanndáileoige ar fáil anois ar an mol sonraí COVID-19.
CosaintIlshraitheach chun tú féin a chosaint ó ionfhabhtú COVID-19. Tá [external-link https://www.gov.ie/en/publication/696fc-layer-up-posters-and-guidance-for-you-to-use-to-prevent-the-spread-of-covid-19-in-our-community/?referrer=http://www.gov.ie/layerup/ | réimse póstaeir agus comharthaí ] ar fáil duit le húsáid.
- I bhfianaise na minicíochta ard atá ann faoi láthair, tá líon na gcásanna laethúla bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 a uaslódáladh chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh an HPSC agus comhpháirtithe faireachais ar aghaidh ag tabhairt fógra agus ag próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR le linn na tréimhse seo.
**Tá na sonraí seo sealadach agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 arna ndeimhniú ag PCR saotharlainne arna gclárú trí mhol sonraí Rianaire Cúraim Covid FSS.