Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt 25 Lúnasa 2020
- Foilsithe: 25 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Tá 1,777 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Luain an 24 Lúnasa, cuireadh 92 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 28,201* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
- Is fir iad 52 / is mná iad 38 acu
- Tá 69% faoi bhun 45 bliana d’aois
- Deimhnítear go bhfuil baint ag 46 le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
- Aithníodh 11 cás mar thras-seoladh pobail
- 31 i dTiobraid Árann, 17 i mBaile Átha Cliath, 7 sa Chlár, 7 i Loch Garman, 5 i gCill Dara agus tá na 25 cás eile i gCeatharlach, an Cabhán, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Luimneach, Lú, An Mhí, Muineachán agus Cill Mhantáin.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Cé go bhfuil líon na gcásanna a thuairiscítear gach lá fós ard, tá an scéal go náisiúnta fós réasúnta seasmhach le seachtain anuas. Mar sin féin, chonaiceamar cásanna i 25 de na 26 chontae le 14 lá anuas, lena n-áirítear 473 cás i mBaile Átha Cliath, 332 i gCill Dara, 120 i dTiobraid Árann, 84 i Luimneach, 37 sa Chlár agus 36 sa Mhí agus i gCill Chainnigh.
“Ní bheifí ag súil go mbeadh tionchar ag bearta a tugadh isteach an tseachtain seo caite ar chonair an ghalair go dtí go luath an tseachtain seo chugainn. Idir an dá linn, ní mór dúinn leanúint de chomhairle sláinte poiblí a leanúint - teagmhálacha sóisialta a laghdú agus sluaite a sheachaint, scaradh fisiceach, clúdaigh aghaidhe a chaitheamh agus lámha a ní go rialta."
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 7 gcás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 28,201 cás deimhnithe é seo.