Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 01 Feabhra 2022
- Foilsithe: 1 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh 4,208* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Ina theannta sin, Dé Luain an 31 Eanáir, chláraigh 6,410** duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS.
Amhail 8am inniu, tá 624 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 66 acusan san aonad dianchúraim.
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:
Tá staitisticí ar vacsaínithe teanndáileoige ar fáil anois ar Mhol sonraí COVID-19.
- I bhfianaise na minicíochta ard atá ann faoi láthair, tá líon na gcásanna laethúla bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh HPSC agus comhpháirtithe faireachais ag tabhairt fógra agus próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR thar an tréimhse seo.
**Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 atá deimhnithe ag PCR sa tsaotharlann a cláraíodh trí mhol sonraí Rianaire Cúraim Covid-19 FSS.