Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 02 Samhain 2021
- Foilsithe: 2 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 3 Samhain 2021
Cuireadh 3,726* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Seasann an mhinicíocht 14 lá ag 695 in aghaidh an 100,000, méadú 18% ar an tseachtain seo caite.
Amhail 8am inniu, tá 493 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 90 acusan san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Tá COVID-19 ag scaipeadh go forleathan inár bpobal; ach tá na huirlisí againn chun a scaipeadh a theorannú.
“Tá a fhios againn go n-éiríonn go maith le vacsaíniú chun trombhreoiteacht agus tréimhse san ospidéal a chosc agus impím ar dhuine nach bhfuil vacsaín Covid faighte acu fós í a fháil.
"Tá a fhios againn freisin go gcaithfimid idirghabhálacha bunúsacha sláinte poiblí eile a chleachtadh fiú nuair atá vacsaín faighte againn - ár lámha a ní, fuinneoga a oscailt, maisc a chaitheamh agus, an rud is tábhachtaí, fanacht sa bhaile nuair a bhíonn siomptóim againn. Éiríonn go maith leis na bearta simplí seo chun slabhraí tarchuir an ghalair seo a bhriseadh.
“De réir mar a chleachtann muid gach gné den chomhairle sláinte poiblí, coinnímid muid féin agus ár bpobail sábháilte."
Críoch
- D'fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú de bharr bailíochtú sonraí sa todhchaí.