Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 05 Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 17 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil. Tharla 16 de na básanna a tuairiscíodh inniu i mí Eanáir.

Tá 2,282 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Luain an 4 Eanáir, cuireadh 5,325 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC.

Tá 113,322 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 2,550 / is mná iad 2,769 díobh
  • Tá 63% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 36 aois airmheánach na ndaoine
  • Tá 1,931 i mBaile Átha Cliath, 767 i gCorcaigh, 323 i gCill Dara, 322 i Luimneach, 238 i nDún na nGall agus tá an 1,744 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir.

Amhail 2pm inniu tá 840 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 76 acu sin san aonad dianchúraim. Cuireadh 102 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Tá méadú mór tagtha ar líon na gcásanna agus líon na ndaoine in ospidéal. Is féidir linn é seo a athrú go tapa má chloímid leis na bearta a d’oibrigh an t-earrach seo caite.

“Chonaiceamar roinnt dul chun cinn luath sa mhéid is go bhfuil meánlíon na dteagmhálacha in aghaidh an cháis ag titim le cúpla lá anuas - ach caithfimid leanúint leis an iarracht seo chun ár dteagmháil le daoine eile a theorannú a oiread agus is féidir linn sna laethanta agus na seachtainí amach romhainn.

“Má fhanann muid uile sa bhaile agus má chloímid leis an gcomhairle sláinte poiblí, is féidir linn COVID-19 a thabhairt ar ais faoi smacht - a chosnóidh ár seirbhísí riachtanacha ar nós Sláinte agus Oideachas agus, níos tábhachtaí fós, a shábhálfaidh beatha daoine."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 04 Eanáir 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae
Cásanna an lae inniu (go meán oíche 04 Ean 2021)
Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (22 Noll 2020 go 04 Ean 2021)
Cásanna Nua le 14 lá anuas (22 Noll 2020 go 04 Ean 2021)
Éire
5,325
674.4
32,112
Muineachán
117
1243
763
238
1173.1
1,512
Luimneach
322
1113.4
2,170
Dún na nGall
238
950.4
1,513
An Cabhán
123
821.8
626
Baile Átha Cliath
1,931
809.4
10,906
Sligeach
50
738.5
484
Maigh Eo
99
729.5
952
An Mhí
196
605
1,180
Ciarraí
122
587
867
Corcaigh
767
583.4
3,167
Cill Chainnigh
66
564.3
560
An Clár
89
559.7
665
Loch Garman
125
549.7
823
Cill Dara
323
534.8
1,190
Ceatharlach
38
519.9
296
Laois
12
493.5
418
Port Láirge
103
480.3
558
Longfort
5
467.3
191
Uíbh Fhailí
11
459.2
358
Gaillimh
140
456.1
1,177
Ros Comáin
29
447.8
289
Liatroim
13
411.9
132
An Iarmhí
13
376.3
334
Tiobraid Árann
69
326.5
521
Cill Mhantáin
86
323
460

Nóta don Eagarthóir:

Cuireadh an tábla seo a leanas san áireamh chun tástálacha deimhneacha agus cásanna deimhnithe a thaispeáint sa tréimhse 14 lá is déanaí. De ghnáth, bíonn líon na gcásanna deimhnithe a thuairiscítear ar lá áirithe comhghaolmhar le líon na dtástálacha deimhneacha an lá roimhe sin, rud a fhágann gur féidir dúbailtí a bhailíochtú agus a bhaint.

Nuair a bheidh na moilleanna a tháinig chun cinn le cúpla lá anuas réitithe, ní thabharfaimid tuairisc ar thorthaí na tástála saotharlainne a thuilleadh.

Tuairisciú thar an tréimhse 14 lá is déanaí (22/12/2020-05/01/2021)

Dáta tuairiscithe
Cásanna deimhnithe tuairiscithe
Tástálacha próiseáilte
Tástálacha deimhneacha braite
Ráta dearfachta
22/12/2020
-
20,660
1,077
5.2%
23/12/2020
939
22,884
1,269
5.5%
24/12/2020
922
21,416
1,643
7.7%
25/12/2020
1,019
11,999
1,207
10.1%
26/12/2020
1,293
3,536
343
9.7%
27/12/2020
744
9,405
1,178
12.5%
28/12/2020
764
13,805
2,007
14.5%
29/12/2020
1,546
17,484
2,867
16.4%
30/12/2020
1,720
26,312
4,371
16.6%
31/12/2020
1,620
27,389
5,621
20.5%
01/01/2021
1,754
20,846
4,553
21.8%
02/01/2021
3,394
28,545
6,486
22.7%
03/01/2021
4,692
20,571
5,199
25.3%
04/01/2021
6,110
19,869
4,426
22.3
05/01/2021
5,325
-
-
-

NÓTA:

Minicíocht 7 lá 522.7

Meán gluaiseachta 5 lá 4,309

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat