Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 08 Feabhra 2022
- Foilsithe: 8 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh 3,780 cás PCR-deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Ina theannta sin, Dé Luain an 07 Feabhra, chláraigh 5,585 duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS.
Amhail 8am inniu, tá 646 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 72 acusan san aonad dianchúraim.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
I bhfianaise na minicíochta ard atá ann faoi láthair, tá líon na gcásanna laethúla bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh HPSC agus comhpháirtithe faireachais ag tabhairt fógra agus próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR thar an tréimhse seo.
- Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 atá deimhnithe ag PCR sa tsaotharlann a cláraíodh trí Rianaire Cúraim Covid-19 FSS.