Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 13 Deireadh Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 14 Deireadh Fómhair 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil triúr le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,830 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.

Amhail meán oíche Dé Luain an 12 Deireadh Fómhair, cuireadh 811 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 44,159* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 415 / is mná iad 396 díobh
  • Tá 70% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 30 aois airmheánach na ndaoine
  • 190 i mBaile Átha Cliath, 141 i gCorcaigh, 62 i Loch Garman, 51 i gCiarraí, 50 sa Chlár agus

tá 317 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha go léir atá fágtha.

Amhail 2pm inniu tá 234 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 32 díobh sin in ICU. Cuireadh 22 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Tá tarchur forleathan pobail againn sa tír. Is ceist daonra iomlán é scaipeadh COVID-19, agus is é sin an fáth go bhfuilimid ag impí ar gach duine aonair, teaghlach, líon tí, eagraíocht, ionad oibre, gníomhú ar chomhairle sláinte poiblí. Is tusa an chosaint tosaigh i gcoinne an ghalair seo."

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Má leanann an patrún tarchuir sa phobal ag fás mar atá, beidh na grúpaí níos leochailí ionfhabhtaithe agus mar thoradh air sin, ar an drochuair beidh ar níos mó daoine dul isteach san ospidéal agus beidh níos mó básanna ann. Sábhálfar beatha daoine má dhéanaimid ár gcuid teagmhálacha a theorannú, sluaite a sheachaint agus bearta bunúsacha sláinte poiblí a leanúint."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 44,159 cás deimhnithe é seo.

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 12 Deireadh Fómhair 2020) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae
Cásanna an lae inniu (go meán oíche 12/10/20)
Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra(14 lá go meán oíche 12/10/20)
Cásanna Nua le 14 lá anuas (14 lá go meán oíche 12/10/20)
NÁISIÚNTA
811
177.2
8,436
An Cabhán
22
412.2
314
Dún na nGall
23
354.9
565
Muineachán
<5
312.8
192
An Clár
50
303.0
360
An Mhí
36
213.8
417
Corcaigh
141
199.1
1,081
Longfort
5
195.7
80
Sligeach
8
187.7
123
Luimneach
39
183.2
357
Ros Comáin
<5
182.8
118
Baile Atha Cliath
190
180.9
2,438
Cill Dara
41
168.1
374
Gaillimh
39
165.5
427
Loch Garman
62
160.3
240
An Iarmhí
13
158.8
141
Uíbh Fhailí
8
146.2
114
Ciarraí
51
144.9
215
Laois
<5
139.3
118
Liatroim
<5
137.3
44
<5
114.8
148
Cill Chainnigh
15
97.8
97
Cill Mhantáin
15
92.0
131
Maigh Eo
9
80.5
105
Tiobraid Árann
15
77.7
124
Ceatharlach
6
75.5
43
Port Láirge
7
66.3
77

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat