Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 14 Aibreán

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 14 Aibreán 2020

Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 41 othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil.

  • bhásaigh 36 duine san oirthear, 4 san iarthar, 1 i ndeisceart na tíre
  • bhí 16 bean agus 25 fear i measc na ndaoine
  • 85 aois airmheánach na mbásanna a tuairiscíodh inniu
  • tuairiscíodh go raibh fadhbanna eile sláinte ag 31 duine

Tá 406 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail 1pm Dé Máirt an 14 Aibreán, cuireadh an HPSC ar an eolas faoi na cásanna seo a leanas:

  • 548 cás deimhnithe breise de COVID-19 a thuairiscigh saotharlanna in Éirinn
  • 284 cás deimhnithe breise de COVID-19 a thuairiscigh saotharlann sa Ghearmáin

Agus na figiúirí is déanaí ón nGearmáin san áireamh, tá 11,479 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

An t-eolas is déanaí ó thaobh tástála

Amhail meán oíche Dé Luain an 13 Aibreán, tá 90,646 tástáil curtha i gcrích.

As na tástálacha sin:

  • tá 62,952 curtha i gcrích i saotharlanna na hÉireann
  • tá 27,694 curtha i gcrích i saotharlann sa Ghearmáin

Le seachtain anuas, rinneadh 20,468 tástáil i saotharlanna in Éirinn agus astu sin bhí 4,233 dearfach, rud a thug ráta dearfachta 21%.

Dúirt an Dr. Cillian De Gascun, Cathaoirleach Shainghrúpa Comhairleach NPHET:

"Tar éis cúpla seachtain dhúshlánach a bhaint amach, tá an cumas tástála neartaithe againn go suntasach agus leanfaimid orainn ag déanamh amhlaidh sa tseachtain amach romhainn, ionas go mbeidh sé de chumas orainn an víreas a aithint agus a chur faoi chois."

Cásanna amhail Dé Domhnaigh an 12 Aibreán

Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Domhnaigh an 12 Aibreán (10,385 cás):

  • is mná iad 54% agus is fir iad 45% díobh, agus bhain 1,999 cás le 408 cnuasach
  • 48 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
  • cuireadh 1,903 cás díobh (18%) san ospidéal
  • díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 275 cás isteach san icu
  • bhain 2,707 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an líon is mó cásanna i mBaile Átha Cliath le 5,438 cás (52% de na cásanna go léir) agus Corcaigh ina dhiaidh sin le 780 cás (8%)

Cruinniú den Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí

Tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile inniu (Dé Máirt an 14 Aibreán) chun leanúint lena n-athbhreithniú leanúnach ar fhreagairt na hÉireann ar COVID-19.

Pléadh ag cruinniú an lae inniu:

  • suíomhanna cúraim chónaithe: Chomh maith leis na bearta cosanta agus na tacaíochtaí airgeadais atá ann cheana féin, cuirfidh FSS próiseas náisiúnta comhordaithe i bhfeidhm chun leitheadúlacht COVID-19 a aithint ar fud tithe altranais agus suíomhanna cúraim sláinte chónaithe eile; mar a mhol an ECDC
  • tástáil: HPSC chun straitéis a fhorbairt chun staidéar ar shéirealeitheadúlacht a dhéanamh a aithneoidh céatadán an daonra a raibh COVID-19 orthu riamh, beag beann ar thástáil

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Tá imní orainn i gcónaí faoi leitheadúlacht COVID-19 i dtithe altranais agus i suíomhanna cúraim chónaithe.

“Tá an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí ag déanamh monatóireachta ar fhorbairtí sna saoráidí seo agus leanann sí ag cur tacaíochtaí agus gníomhartha chun cinn nuair is gá.

“Ón tús, bhí a fhios againn go bhfuil grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear daoine scothaosta, i mbaol níos mó ón víreas seo. Leanfaidh na grúpaí seo de bheith mar thosaíocht againn."

Dúirt an Dr. Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS:

"Nílimid ag feiceáil méadú suntasach ar líon na gcásanna dearfacha COVID-19 inár n-ospidéil nó inár ICUanna le roinnt laethanta anuas, a bhuíochas sin d'iarrachtaí gach duine a lean na comhairle fanacht óna chéile agus scaipeadh an víris a mhoilliú. Tá an tseirbhís sláinte buíoch do gach duine atá ag glacadh páirte. "

Féach ar Deais COVID-19 (Coróinvíreas) a léiríonn na staitisticí agus an fhaisnéis is déanaí.

CRÍOCH

Staitisticí ospidéil

Líon iomlán na gcásanna
10385
Líon iomlán san ospidéal
1903
Líon iomlán a tugadh isteach san ICU
275
Líon iomlán na mbásanna
395
Líon iomlán na n-oibrithe cúram sláinte
2707
Líon na gcnuasach curtha in iúl
408
Aois airmheánach
48
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Domhnaigh an 12 Aibreán

Inscne na n-othar

Inscne
Líon
mar % den Iomlán
Baineann
5629
54.3
Fireann
4617
44.5
Anaithnid
139
1.3
Iomlán
10385
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Domhnaigh an 12 Aibreán.

Raon aoise lena mbaineann

Aoisghrúpa
Líon
mar % den Iomlán
<1
22
0.2
1 - 4
34
0.3
5 - 14
81
0.8
15 - 24
674
6.5
25 - 34
1805
17.4
35 - 44
1927
18.6
45 - 54
1983
19.1
55 - 64
1522
14.7
65+
2316
22.3
Anaithnid
21
0.2
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Domhnaigh an 12 Aibreán.

An chaoi a bhfuil COVID-19 ag scaipeadh

Tarchur pobail
66%
Dlúth-theagmháil le cás deimhnithe
27%
Taisteal Thar Lear
7%
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Domhnaigh an 12 Aibreán.

Tabhair ar aird:

Sa chás go bhfaigheann duine toradh deimhneach ar a dtástáil le haghaidh COVID-19 agus nach raibh sé/sí thar lear nó nach raibh teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur pobail air sin.

Sa chás gur féidir duine toradh deimhneach do COVID-19 a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur logánta air sin.

Cásanna san ospidéal de réir aoisghrúpa

Aoisghrúpa
Líon na gcásanna
Céatadán den iomlán
<5
12
0.6
5 - 14
5
0.3
15 - 24
43
2.3
25 - 34
127
6.7
35 - 44
154
8.1
45 - 54
278
14.6
55 - 64
293
15.4
65+
989
52
Anaithnid
2
0.1
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Domhnaigh an 12 Aibreán.

Cásanna de réir contae

Ceatharlach
44
0.4%
An Cabhán
245
2.4%
An Clár
106
1%
Corcaigh
780
7.5%
Dún na nGall
264
2.5%
Baile Átha Cliath
5438
52.4%
Gaillimh
220
2.1%
Ciarraí
219
2.1%
Cill Dara
443
4.3%
Cill Chainnigh
144
1.4%
Laois
101
1%
Liatroim
36
0.3%
Luimneach
265
2.6%
Longfort
58
0.6%
208
2%
Maigh Eo
198
1.9%
An Mhí
342
3.3%
Muineachán
123
1.2%
Uíbh Fhailí
144
1.4%
Ros Comáin
48
0.5%
Sligeach
52
0.5%
Tiobraid Árann
219
2.1%
Port Láirge
81
0.8%
An Iarmhí
234
2.3%
Loch Garman
56
0.5%
Cill Mhantáin
317
3.1%
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Domhnaigh an 12 Aibreán.

Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat