Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 14 Iúil 2020
- Foilsithe: 14 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 15 Iúil 2020
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) inniu.
Tá 1,746 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Luain an 13 Iúil, cuireadh 32 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,670 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Amhail meán oíche Dé Luain an 13 Iúil, tá 523,277 tástáil curtha i gcrích. Le seachtain anuas, rinneadh 49,264 tástáil. Bhí 157 tástáil dearfach, rud a thugann ráta deimhneachta 0.3%.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte;
“Tá sé ríthábhachtach siomptóim COVID-19 a bheith ar eolas againn agus teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh láithreach ionas gur féidir an galar a aithint agus srian a choinneáil air.
“Is féidir leis na siomptóim a bhaineann le COVID-19 a bheith cosúil le tinnis choitianta eile. Mholfainn d’aon duine a bhfuil siomptóim air glacadh leis gur COVID-19 atá ann, sa chéad ásc, go dtí go n-insíonn dochtúir teaghlaigh nó tástáil a mhalairt duit.
“Coinnigh ar an eolas faoi na siomptóim agus na nuashonruithe maidir le COVID-19 sa phobal trí láithreáin chreidiúnacha mar hse.ie. agus gov.ie/health a úsáid."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH