Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 15 Feabhra 2022
- Foilsithe: 15 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh 4,160* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Ina theannta sin, Dé Luain an 14 Feabhra, chláraigh 4,655* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS.
Amhail 8am inniu, tá 635 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 63 acusan san aonad dianchúraim.
Nótaí
Cuireadh tús arís le tuairisciú ar an méid cásanna COVID-19 trí úsáid a bhaint as Tuairisciú Galair Thógálaigh Ríomhairithe (CIDR) FSS-HPSC an 15 Feabhra 2022.
Is é CIDR, mar an gcóras faireachais náisiúnta, an fhoinse údarásach le haghaidh sonraí bailíochtaithe faoi chásanna COVID-19 in Éirinn a shásaíonn sainmhíniú Éireannach agus Eorpach ar chásanna.
Mar gheall ar ardú ar mhinicíocht galair agus an t-am slánúcháin mhéadaithe chun fógraí a phróiseáil ar CIDR, idir an 22 Nollaig 2021 agus 14 Feabhra 2022, ba mheastachán é an cásuimhir laethúil de COVID-19 a tuairiscíodh go poiblí bunaithe ar thorthaí deimhneacha tástála SARS-CoV-2 PCRa uaslódáladh chuig Rianaire Cúraim COVID FSS (HSE CCT) an lá roimhe sin.Lean HPSC agus comhpháirtithe faireachais ag tabhairt fógra agus próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR thar an tréimhse seo. Beidh líon na gcásanna a thuairiscítear ó CIDR don tréimhse ama seo difriúil ó na meastacháin arna dtuairisciú bunaithe ar shocruithe eatramhacha.
Tá líon carnach iomlán na gcásanna a tuairiscíodh inniu (bunaithe ar fhógraí ar CIDR) níos ísle ná líon carnach iomlán na gcásanna a tuairiscíodh inné (meascán de CIDR agus cásanna a tuairiscíodh ó FSS CCT don tréimhse an 22 Nollaig 2021 agus an 14 Feabhra 2022). Is é an fáth atá leis seo ná go mbeidh difríocht ó lá go lá idir líon laethúil na gcásanna a thuairiscítear ó CIDR agus líon na dtástálacha deimhneacha an lá roimhe sin. D’fhéadfaí a áireamh leis an líon laethúil tástálacha dearfacha saotharlainne, atástálacha ar an duine céanna agus imríonn an t-uainiú ina ndéantar torthaí ó shaotharlanna éagsúla a uaslódáil go dtí an CIDR tionchar freisin.
- Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 arna ndeimhniú ag PCR sa tsaotharlann arna dtuairisciú ar CIDR.