Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 16 Samhain 2021
- Foilsithe: 16 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh 4,407* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Amhail 8am inniu, tá 614 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 114 acusan san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Le 14 lá anuas, cuireadh beagnach 55,000 cás de COVID-19 in iúl dúinn. Ba é an t-aon uair a bhí níos mó cásanna againn i dtréimhse 14 lá i mí Eanáir na bliana seo, agus, ar an drochuair, tá an chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh méadú ar an bhfigiúr seo sna laethanta amach romhainn.
“Níl an leibhéal seo cásanna inbhuanaithe. Nuair a bhíonn minicíocht an ghalair chomh hard le seo, ní mór dúinn go léir gníomhú amhail is gur dlúth-theagmhálaí muid agus go bhfuilimid i mbaol an víreas a tharchur chuig daoine eile. Tá níos mó seans ann go bhfaighimid COVID-19 ó dhuine a bhfuil aithne againn air - cara, comhghleacaí oibre, comh imreoir - ná strainséir a théann tharainn i siopa nó ar an mbus. Tabhair tosaíocht le do thoil do na daoine a gcaithfidh tú bualadh leo.
“Tá níos mó ná dhá mhilliún duine incháilithe anois le haghaidh teanndáileoige den vacsaín, lena n-áirítear gach duine os cionn 50 agus iad siúd atá os cionn 16 bliana d’aois a bhfuil bunriochtaí sláinte orthu. Tá sé tábhachtach go bhfreastalóidh tú ar do choinne teanndáileoige a luaithe a thairgtear duit é. I bhfianaise an riosca duit ó leibhéal reatha an ionfhabhtaithe sa phobal, tá sé thar a bheith tábhachtach go n-íoslaghdóidh tú, oiread agus is féidir, do theagmhálacha sóisialta, agus tú ag fanacht le do theanndáileog.
“Ba chóir go leanfadh teaghlaigh agus cairde gach duine a nglaofar le haghaidh teanndáileoige go luath de chomhairle sláinte poiblí a leanúint, is é seo an bealach is fearr chun daoine muinteartha a chosaint."
CRÍOCH