English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 17 Márta

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 17 Márta 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte faoi 69 gcás dheimhnithe nua de COVID-19 in Éirinn.

Tá na cásanna comhdhéanta de 29 bhfear agus de 40 bean:

  • Baineann 48 gcás le hoirthear na tíre
  • Baineann 13 chás leis an deisceart
  • Baineann cúig chás leis an iarthuaisceart
  • Baineann trí chás leis an iarthar

Tá dhá bhás a bhaineann le COVID-19 ann in Éirinn.

Tá 292 chás dheimhnithe de COVID-19 ann in Éirinn anois.

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag obair go tapa anois chun aon daoine a bhféadfadh go raibh na hothair i dteagmháil leo a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh ar mhaithe le tuilleadh leata a chosc.

Tháinig Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine, an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Míochaine, an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus an Dr Cillian De Gascun, Cathaoirleach ar an Sainghrúpa Comhairleach ar COVID-19, tháinig siad le chéile lena gcuid comhghleacaithe ar fud na seirbhíse sláinte inniu chun breac-chuntas a thabhairt ar an gcur chuige a ghlac Éire go dtí seo agus chun plé a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun na dúshláin atá romhainn a shárú.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:

"Tá comhar ar fud na seirbhíse sláinte níos tábhachtaí anois ná riamh agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gcuid comhghleacaithe as an obair atá á déanamh acu chun cabhrú linn ullmhú do leathadh COVID-19 agus chun srian a chur lena leathadh."

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:

"Léirigh an cruinniú inniu an tábhacht a bhaineann le teacht le chéile, lenár ndearcthaí a chomhroinnt agus lena chinntiú go dtacófar lenár bhfórsaí saothair sláinte, agus go gcumasófar dóibh, freagairt ar bhealach dinimiciúil ag an am ríthábhachtach seo."

CRÍOCH