Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 18 Feabhra
- Foilsithe: 18 Feabhra 2020
- An t-eolas is déanaí: 18 Feabhra 2020
Tástáladh 78 gcinn de chásanna amhrasta Covid-19 (Coróinvíreas) in Éirinn.
Ní raibh aon chásanna deimhnithe Covid-19 (Coróinvíreas) ann in Éirinn go dtí seo.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
“Leanaimid le faireachán a dhéanamh ar an staid ar fud an domhain.
“Cé gur sa tSín a tuairiscíodh formhór mór na gcásanna go dtí seo, leanaimid le pleananna ullmhachta a chur ar aghaidh anseo in Éirinn. Táimid fós i gCéim an tSrianta agus tá ár gcuid gníomhartha ar aon dul leis an treoir ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.”
“Tá treoraithe ainmnithe le haghaidh ullmhacht do Covid-19 i bhfeidhm ag na hospidéil. Sainaithníodh riachtanais freagartha leithlisithe agus tá siad i bhfeidhm chun déileáil go cuí le haon chásanna amhrasta.”
Dúirt an Dr Sarah Doyle, Lia Comhairleach i Leigheas Sláinte Poiblí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS):
“Tá pleananna i bhfeidhm ag FSS chun freagairt do chásanna Covid-19 (Coróinvíreas) in Éirinn. Má tá aon seans ann go bhfuil Covid-19 ort, ba mhaith linn cloisteáil uait a luaithe is féidir. Chuirfeadh sé sin ar ár gcumas na bearta riachtanacha sláinte poiblí a dhéanamh chun leathadh an víris in Éirinn a chosc.
“Más rud é gur thaistil tú ó mhórthír na Síne sna 14 lá seo a chuaigh thart agus go bhfuil giorra anála, casacht nó fiabhras ort, cuir glao ar dhochtúir a luaithe is féidir. Más rud é gur thaistil tú ó mhórthír na Síne agus nach bhfuil aon siomptóim ort, déan teagmháil le FSS Beo chun comhairle a fháil.”
“Is é an rud is tábhachtaí is féidir linn a dhéanamh chun sinn féin a chosaint ar Covid-19 ná ár lámha a ní go rialta agus cloí le dea-shláinteachas riospráide.”
Tionólfar an chéad chruinniú eile de chuid na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí Dé Máirt an 25 Feabhra.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Ní sholáthrófar aon fhaisnéis faoi theagmhais aonair inar cuireadh na pleananna seo i mbun feidhme ná faoi aon chásanna a bhaineann leis an gCoróinvíreas nua (2019-nCoV), seachas cásanna deimhnithe.
Cuirtear an fhaisnéis is déanaí faoin gCoróinvíreas nua (2019-nCoV) le suíomh Gréasáin an Ionaid Faireachais um Chosaint Sláinte gach lá ag 13:00. Tabhair cuairt ar HPSC.ie
Is féidir go rachaidh suas le 14 lá thart sula mbeidh siomptóim Choróinvíris le brath.
Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na siomptóim sin:
- casacht
- giorra anála
- deacrachtaí análaithe
- fiabhras (ardteocht)
Is féidir le Coróinvíreas a bheith ina chúis le tinnis níos déine freisin, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- niúmóine
- giorra anála
- deacrachtaí análaithe
- fiabhras (ardteocht)
Áirítear iad seo a leanas leis na nithe is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ar Choróinvíreas:
- nigh do lámha i gceart agus go rialta
- cumhdaigh do bhéal nó do shrón le ciarsúr páipéir nuair a dhéanann tú casacht nó sraoth
Nigh do lámha i gceart agus go rialta le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcólbhunaithe:
- tar éis duit casacht nó sraoth a dhéanamh
- tar éis duit an leithreas a úsáid
- sula n-íosfaidh tú
- sula réiteoidh tú bia agus tar éis duit bia a réiteach
- má tá tú i dteagmháil le duine breoite, go háirithe duine a bhfuil siomptóim riospráide air/uirthi
- má tá do lámha salach
- má láimhseáil tú ainmhithe nó cac ainmhí