English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 2 Feabhra 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 2 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 101 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh 83 díobh sin i mí Eanáir. Bhásaigh 18 díobh i mí Feabhra.

85 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 19-103 an raon aoise.

3,418 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Luain an 1 Feabhra, cuireadh 879 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 198,424* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 8 gcás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 198,424 cás deimhnithe é seo.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 419 agus is mná iad 459 díobh
  • tá 56% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 41 aois airmheánach na ndaoine
  • 383 i mBaile Átha Cliath, 79 i gCorcaigh, 53 i nGaillimh, 40 i Luimneach, 43 sa Mhí agus tá na 290 cás eile scaipthe ar fud 20 contae eile

Amhail 2pm inniu, tá 1,388 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, agus tá 207 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 45 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Is é seo an líon is mó básanna a tuairiscíodh in aon lá amháin de phaindéim COVID-19 go dtí seo. Baineann an ráta báis ard sa tír i láthair na huaire leis an líon ard ionfhabhtaithe a chonaiceamar roinnt seachtainí ó shin, agus leis an líon ard daoine a cuireadh sna hospidéil agus sna aonaid dianchúraim ina dhiaidh sin.

"Cé go bhfuil feabhas mór tagtha ar leibhéal an ionfhabhtaithe atá á thuairisciú, tá bóthar fada romhainn go fóill agus caithfidh an líon cásanna laghdú go mór. Is é an bealach is fearr chun ómós a thabhairt dóibh siúd a bhásaigh mar gheall ar COVID-19, agus dá muintir agus dóibh siúd a thug aire dóibh, ná comhairle sláinte phoiblí a leanúint. Fan sa bhaile mura bhfuil géarghá leis, agus tabhair spreagadh do chairde, do mhuintir agus do chomhghleacaithe an rud céanna a dhéanamh.

"Tá smacht inniu againn ar dhearcadh an ghalair seo sna seachtainí amach romhainn. Tá do ghníomhartha dearfacha tábhachtach agus déanann beagán mórán. Coinnigh suas é le bhur thoil."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • minicíocht 7 lá 181.5
  • meán gluaisteacha 5 lá 1,169