Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 23 Márta 2021
- Foilsithe: 23 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 24 Márta 2021
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 24 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaigh 12 díobh sin i mí an Mhárta, deichniúr i mí Feabhra agus beirt i mí Eanáir.
82 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 49 - 100 an raon aoise.
4,610* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 bhás. Léiríonn an figiúr 4,610 bás é seo.)
Amhail meán oíche Dé Luain an 22 Márta, cuireadh 371 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 231,484* * cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
(* *Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 6 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 231,484 cás deimhnithe é seo.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 183 agus is mná iad 187 díobh
- tá 75% faoi bhun 45 bliain d’aois
- 30 aois airmheánach na ndaoine
- 151 i mBaile Átha Cliath, 31 in Uíbh Fhailí, 27 i nDún na nGall, 25 i nGaillimh, 21 sa Mhí agus tá na 116 cás eile scaipthe ar fud 16 chontae eile
Amhail 8am inniu, tá 357 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 76 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 25 in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 20 Márta 2021, bhí 675,946 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
- bhí a gcéad dáileog faighte ag 492,106 duine
- bhí a dara dáileog faighte ag 183,840 duine
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
- minicíocht 7 lá 80.3
- meán gluaiseachta 5 lá 538
~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.