English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 24 Samhain 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 24 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil seisear le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 2,028 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Luain an 23 Samhain, cuireadh 226 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 70,930 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 115 / is mná iad 109 díobh
  • Tá 56% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 42 aois airmheánach na ndaoine
  • 64 i mBaile Átha Cliath, 41 i nDún na nGall, 23 i dTiobraid Árann, 13 i Luimneach, 12 i Lú, 12 i gCill Mhantáin, agus an 61 eile i 16 chontae eile.

Amhail 2pm inniu tá 292 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 36 díobh sin san aonad dianchúraim. Cuireadh 18 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 23 Samhain 2020) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 23 SAMH 2020) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (10 SAMH 2020 go 23 SAMH 2020) Cásanna Nua le 14 lá anuas (10 SAMH 2020 go 23 SAMH 2020)
Éire 226 107.8 5,131
Dún na nGall 41 240.0 382
12 211.8 273
Luimneach 13 192.4 375
Port Láirge 7 150.6 175
Ros Comáin 0 131.7 85
Baile Átha Cliath 64 118.0 1,590
An Mhí **(<5) 116.9 228
Uíbh Fhailí 0 116.7 91
Muineachán **(<5) 112.4 69
An Iarmhí **(<5) 111.5 99
Cill Chainnigh 8 107.8 107
Longfort **(<5) 97.9 40
Tiobraid Árann 23 90.9 145
An Cabhán **(<5) 89.3 68
Maigh Eo **(<5) 88.9 116
An Clár **(<5) 83.3 99
Corcaigh 6 81.2 441
Cill Dara **(<5) 80.0 178
Ceatharlach **(<5) 79.0 45
Cill Mhantáin 12 72.3 103
Sligeach 0 71.7 47
Gaillimh 6 65.1 168
Liatroim 0 62.4 20
Ciarraí **(<5) 60.9 90
Laois **(<5) 49.6 42
Loch Garman **(<5) 36.7 55