English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 27 Deireadh Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 27 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 28 Deireadh Fómhair 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil cúigear le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,890 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.

Amhail meán oíche Dé Luain an 26 Deireadh Fómhair, cuireadh 720 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 58,767* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 20 gcás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 58,767 cás deimhnithe é seo.)

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 348 agus is mná iad 371 díobh
  • tá 65% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 32 aois airmheánach na ndaoine
  • 228 i mBaile Átha Cliath, 130 i gCorcaigh, 47 i nGaillimh, 31 sa Mhí, 27 i Luimneach agus tá na 257 cás eile scaipthe ar fud 20 contae

Amhail 2pm inniu tá 341 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 38 díobh sin san ICU. Cuireadh 29 in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH