English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 29 Meán Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 29 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 1 Deireadh Fómhair 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,803 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Dé Luain an 28 Meán Fómhair, cuireadh 363 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 35,740 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 172 / is mná iad 191 díobh
  • Tá 64% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • Deimhnítear go bhfuil baint ag 47% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
  • Aithníodh 58 cás mar thras-seoladh pobail
  • Tá 154 cás i mBaile Átha Cliath, 40 i gCorcaigh, 23 i nDún na nGall, 16 i Loch Garman, 15 i Ros Comáin, 14 i nGaillimh, 14 i Muineachán, 11 i gCill Dara, 11 sa Mhí, 11 i gCill Mhantáin, 9 i Luimneach, 6 sa Chlár , 5 i Maigh Eo, 5 i dTiobraid Árann leis na 29 cás eile i 9 gcontae.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Soláthraíonn Deais COVID-19Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Is é tacaíocht agus toilteanas an phobail cloí le treoir sláinte poiblí túslíne ár gcosaint i gcoinne leathadh COVID-19. Leanann formhór mór na ndaoine ar aghaidh ag glacadh na gcéimeanna riachtanacha ina gcuid gníomhaíochtaí laethúla chun iad féin agus daoine eile a chosaint.

“Má bhíonn siomptóim agat, fan sa bhaile agus déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh chun tástáil COVID-19 a fháil chomh luath agus is féidir má tá gá leis. Má cuireadh in iúl duit go raibh tú i ndlúth-theagmháil le duine a bhfuil an tinneas air, ná buail le daoine eile, lena n-áirítear do theaghlach nó do chairde, ná téigh ag obair nó chuig an gcoláiste, ná bí ag imirt spóirt, agus déan tástáil nuair a thairgtear í. Tá a fhios agam gur roghanna deacra iad seo do dhaoine, ach beidh tionchar suntasach ag gach iarracht aonair ar scaipeadh an ghalair seo agus, sa deireadh, ar líon na mbásanna is féidir linn a chosc an geimhreadh seo."

CRÍOCH